Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnitheach

2:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Déanaim gáire faoi mhuintir Chiarraí go gcaithfidh siad hinseacht dom gur as Ciarraí a thángadar ag tús aon óráid a dhéanann siad. Ní thógfaimid sin in aghaidh an fhinné. Caithfidh mé tréaslú leis. Sílim gur ceapacháin den chéad scoth atá déanta agus é roghnaithe mar chathaoirleach ar COGG. Tá ainm air le riar mhaith blianta agus tuigim go pearsanta an diongbháilteacht atá aige agus an dúthracht atá caite aige leis an nGaeloideachas. Táim cinnte go ndéanfaidh sé jab den scoth agus go dtuigeann sé an comhthéacs Gaeltachta agus an comhthéacs Galltachta, cúrsaí oideachais agus cúrsaí tuismitheoireachta ag an am céanna. Ba dheacair teacht ar dhuine a bheadh níos feiliúnaí don ról.

Tá sé fíorthábhachtach freisin go dtugaimid aitheantas don obair iontach atá déanta ag COGG le blianta beaga anuas, go háirithe ar bheagáin acmhainní. Caithfidh mé a rá go bhfuil éacht déanta ag Muireann Ní Mhóráin agus an fhoireann atá ansin. Ní mé féin amháin a bhíonn á rá sin ach uair ar bith a théim i dteangmháil le scoileanna nó le haon duine a bhíonn ag plé leo, deireann siad an rud céanna. Tá sé fíorthábhachtach é sin a lua.

Tá roinnt pointí gur mhaith liom a lua agus a thuairimí a fháil fúthu maidir leis an obair atá ar bun ag COGG agus an éabhlóid atá ag tarlú. Is maith liom a chloisteáil go bhfuil beirt oifigeach nua le teacht ar bord, mar teastaíonn siad go géar. Tá an-chomhoibriú Thuaidh-Theas ar siúl ag COGG, de réir mo thuisceana. Cén chaoi go bhféadfadh forbairt a dhéanamh ar an ról sin, maidir le tograí atá forbartha ó thaobh na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas?

Luaigh an tUasal Ó hAiniféin féin an soláthar múinteoirí. Bíonn tráchtairí áirithe ag caint ar an nGaeilge líofa lofa a bhíonn ag múinteoirí áirithe. Tuigimid go bhfuil deacrachtaí ann ó thaobh chaighdeán na Gaeilge i measc múinteoirí áirithe. Ceann de na moltaí a bhí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ná go mbunófaí coláiste lán-Ghaeilge faoi leith, le múinteoirí a oiliúnt, sa chaoi go n-ardófaí caighdeán na Gaeilge i measc múinteoirí. Cén chaoi is féidir linn dul i ngleic leis sin? Ní dóigh liom go bhfuil mórán tarlaithe ó thaobh na straitéise de le sin a chur chun cinn.

Ó thaobh na moltaí oideachas Gaeltachta atá curtha chun cinn, fáiltím roimh an gcáipéis siúd. Céard iad na gnéithe is tábhachtaí ó thaobh COGG de, a mbeidh COGG ag díriú oraibh, ag glacadh leis go nglacfar leis na moltaí san amscála a dúradh is go mbeifear ag caint ar iad a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn? Céard iad na tosaíochtaí a bheadh ag an Uasal Ó hAiniféin, mar chathaoirleach ar COGG, ó thaobh cur chun cinn na moltaí sin? Ní féidir na moltaí Gaeltachta sin a chur i bhfeidhm gan airgead. Dá bhrí sin, céard iad na hacmhainní breise a bheas ag teastáil ó COGG, idir airgead, chúrsaí foirne agus tacaíochtaí eile? Cén chomhoibriú a bheas ag teastáil, leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, le hUdarás na Gaeltachta agus leis na heagraíochtaí Gaeltachta, chun na moltaí Gaeltachta a chur i bhfeidhm? An bhfuil na struchtúir chuí sin i bhfeidhm? An bhfuil an comhoibriú ar siúl?

Roinnt blianta siar cuireadh deireadh le scéim scoláireachtaí 1916 agus scoláireachtaí eile chomh maith, a thug an-tacaíocht do dhaoine ón nGaeltacht agus ó áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht dul go dtí na ceantair Ghaeltachta. Tugadh an leithscéal ag an am gur chúrsaí airgid ba chúis le deireadh a chur leo siúd. An mbeadh aon samhail ag COGG go mb'fhéidir go bhféadfaí breathnú ar scéimeanna scoláireachta a chur ar bun arís le tacú le barr feabhais a chur agus tacú leo siúd a bhfuil Gaeilge den scoth acu dul go dtí ollscoileanna, áit a mbeidh siad in ann a gcuid ábhar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus tacú le dreamanna eile oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge sna Gaeltachtaí? Céard a cheapann an tUasal Ó hAiniféin ó thaobh cúrsaí Gaeltachta d'ábhar oidí? Táimid imithe ón múnla a bhí ann agus anois tagann na hábhair oidí ar feadh coicíse dhá uair le linn dóibh a bheith ag traenáil le bheith ina múinteoirí bunscoile. Ar leor sin, i ndáiríre, le barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide sa Ghaeilge agus blaiseadh Gaeltachta a fháil?

Bhí cuid mhaith clamhsáin ann ó thaobh bord COGG, nár cuireadh ionadaí Gaeltachta air, dar le pobal na Gaeltachta agus roinnt eagraíochta pobal Gaeltachta. Cé go bhfuil daoine ar bhord COGG gur as an nGaeltacht iad, tá siad ainmnithe ag Údarás na Gaeltachta agus thar ceann Údarás na Gaeltachta. An mbeadh aon samhail ag COGG go mb'fhéidir go bhféadfaí ról a fháil d'ionadaí pobal Gaeltachta arís ar bhord COGG agus dá bhféadfaí é sin a dhéanamh, céard é an bealach is fearr le sin a chur chun cinn?

Beidh an tUasal Ó hAiniféin dioplómaitiúil, mar a déarfadh as Béarla, ó thaobh na hacmhainní atá ag teastáil ó COGG ach tá géarghá le hacmhainní, nuair a fhéachtar an an bhFraincis nó ar an nGearmáinis nó ar theangacha eile a bhfuilimid ag cur chun cinn nó atá á gcur chun cinn go domhanda agus na hacmhainní atá ar fáil do mhúinteoir atá ag múineadh trí mheán na dteagacha sin. Fiú má bhreathnaítear ar an gCatalóinis agus tíortha eile - luaigh an tUasal Ó hAiniféin féin an Bhreatain Bheag - tá go leor acmhainní ar fáil do na múinteoirí atá ag múineadh trí mheán na dteangacha sin i gcomparáid leis an méid bheag atá againn anseo. Céard iad na hacmhainní breise a bheas COGG ag díriú oraibh, céard iad na tosaíochtaí a bheas aige, an mbeidh maoiniú breise de dhíth air le n-aghaidh sin nó an mbeidh saineolas breise ag teastáil uaidh agus mar sin de?

Is cuid mhaith ceisteanna é sin. Tá brón orm - tá an t-uafás ceisteanna curtha os comhair an Uasail Ó hAiniféin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.