Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Transport and Communications

Expressway Services: Bus Eireann and NTA

9:30 am

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na hoifigigh as ucht an cur i láthair a thug siad dúinn. De réir bainisteoir meáin agus caidrimh poiblí Bus Éireann, tá impleachtaí dáiríre fá choinne pobail tuaithe mar gheall ar na pleananna atá á dtógáil isteach ag Bus Éireann. Dúirt sé freisin nach bhfuil an t-éileamh ann na seirbhísí seo a choinneáil. An gceapann na hoifigigh go bhfuil sé seo riachtanach? An bhfuil siad ag éisteacht leis an bhfoláireamh seo?

Tá sé i gceist ag Bus Éireann thrú iomlán a dhéanamh ar 100 seirbhís agus ar dhá bhealach tábhachtach: uimhir a 5 agus uimhir a 7. Tá roinnt seirbhísí eile faoi bhagairt. Níl aon oibleagáid seirbhíse poiblí fá choinne expressway. Cén fáth nach bhfuil Bus Éireann ag lorg níos mó airgid le haghaidh na bealaí seo a choimeád oscailte? Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag lorg oibleagáid seirbhíse poiblí le haghaidh na bealaí seo.

Bhí brábús agus níos mó paisinéirí ag Bus Éireann an bhliain seo caite. Cé mhéad postanna atá i dtroiblóid? Nuair a bhí an Teachta Ó Donnabháin ag lorg an t-eolas sin freisin, dúirt na hoifigigh nach raibh siad ábalta é a sholáthar. Cé mhéad airgead atá Bus Éireann ag sábháil? Dúirt na hoifigigh nach raibh siad in ann freagra a thabhairt ar an gceist sin ach oiread. I mo thuairim, tá sé an-tábhachtach ar fad. An fiú iad na himpleachtaí ó bun go barr le haghaidh an gnáthdhuine a bhainfeadh le dúnadh na mbealaí seo? Tá sé de dhualgas ar an Stát tacaíocht a chur ar fáil do sheirbhísí nach mbaineann brábús leo.

Tá sé soiléir go bhfuil Bus Éireann ag gearradh bealaí mar gheall ar an iarracht atá ar bun ag an Rialtas seo bealaí a phríobháidiú. Tá sé mar phlean ag Bus Éireann agus Bus Átha Cliath 10% de na bealaí a chur amach sa chaoi seo. Ta sé i gceist freisin go ndéanfar é seo i gcás 100% de na bealaí i bPort Láirge faoin mbliain 2017. Cén fáth an bhfuil tacaíocht á tabhairt do pholasaí an phríobháidithe? Thugamar foláirimh i rith na blianta go raibh an rud seo ag tarlú. Tá scanradh ar dhaoine timpeall na tuaithe atá ina gcónaí in aice leis na bealaí seo. Tá an polasaí seo ag cur isteach ar bhailte beaga agus áiteanna mar sin. Tá bagairt ar mhuintir na tuaithe. Tá na pobail sin faoi bhrú.

Cad é an t-amchlár le haghaidh na pleananna seo? An féidir an t-eolas sin a chur amach? An bhfuil Bus Éireann ag leanúint leis na cainteanna leis na gnáthdhaoine i measc an phobail ar an talamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.