Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 11 March 2015
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Role and Remit: Office of the Ombudsman for Children
4:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Nílim sásta leis sin. Tá sé de cheart agam agus bímid ag plé leis an gCoimisinéir Teanga anseo, bímid ag plé le cúrsaí cearta. Deirtear liom go bhfuil sé de cheart agam mo theanga féin a úsáid i dTithe na Parlaiminte anseo agus tá an Cathaoirleach ag rá liom go bunúsach nach féidir liom é sin a dhéanamh. Táim ag iarraidh é sin a chur ar an taifead. Níl sé sásúil i dTithe an Oireachtais nuair is í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre nach bhfuil sé de cheart agam mo theanga féin a úsáid i seomra choiste. Ní aon locht ar an gcoimisinéir nó ar aon duine eile ar an gcoiste é ag is é mo chearta é agus tá mo chearta á shárú orm agus níl mé sásta.
No comments