Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Jobs, Enterprise and Innovation

An Action Plan for Jobs 2015: Minister for Jobs, Enterprise and Innovation

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire agus a fhoireann. Fáiltím roimh an méid Gaeilge atá á labhairt aige inniu.

Tá difríocht idir na huimhreacha maidir le poist nua a chruthaíodh sa tír seo agus figiúirí an Phríomh-Oifig Staidrimh. Dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, cruthaíodh 69,300 post ó 2011 go dtí seo. Tá difríocht mhór idir sin agus an méid atá ráite ag an Aire agus chun an sprioc a bhaint amach - is é sin le rá go gcruthófar 100,000 post roimh 2016 - beidh ar an Rialtas 34,000 post a chruthú. Go dtí seo, tá 17,000 post cruthaithe acu gach bliain. Beidh air an méid sin a mhéadú faoi dhó. Beidh sé sin an-deacair ar fad.

Scríobh an Taoiseach alt sa pháipéar inniu. Dúirt sé go mbeadh an Rialtas ag iarraidh lánfhostaíocht a bhaint amach faoi 2018. Is é an uimhir a thug sé mar gheall ar lánfhostaíocht ná 2.1 milliún duine. Dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, tá 2,152,000 i bhfostaíocht faoi láthair. Mar sin, dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh tá níos mó duine san earnáil sin anois agus dar leis an Taoiseach tá an figiúr níos lú. Is í an fhadhb atá agamsa ná go bhfuil difríocht 55,000 duine idir an méid atá an an Phríomh-Oifig Staidrimh ag rá agus an méid atá á rá ag an Rialtas. Ní difríocht bheag atá i gceist.

Go dtí seo, is é an fhadhb atá mise ag díriú isteach uirthi ná an méid duine atá ag obair ar phá íseal. Tá leath de na hoibrithe in Éirinn ag saothrú €25,000 nó níos lú in aghaidh na bliana. Tá an líon duine ar chonarthaí náid uaireanta an-mhór. Tá Éire ar na tíortha is measa mar gheall ar an líon duine atá ar na conarthaí seo. Táthar tar éis tagairt a dhéanamh le tuarascáil atá á dhéanamh ag an Roinn mar gheall ar seo agus tá coimisiún ann. Is í an fhadhb atá agamsa leis an gCoimisiún ar Phá Íseal ná nach dtugann sé bochtanas san áireamh ar chor ar bith. Díríonn ar an íosphá amháin agus níl thugann sé aird ar na fadhbanna eile a chruthaíonn bochtanas sa tír seo. B'fhéidir go mba cheart don Roinn féachaint ar an tuarascáil a scríobh daoine sa Bhreatain mar gheall ar an gcoimisiún ar phá íseal ansin. Ceapaim go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain tar éis an tuarascáil sin a ghlacadh freisin. Tá cúpla earnáil sa tír atá fós ag fulaingt mar gheall ar chúrsaí dífhostaíochta. Táimid ag caint faoi daoine atá faoi 35 bliain d'aois. Tá titim 60,000 tar éis teacht ar an earnáil sin. Is titim uafásach mór é sin. Má thugtar na scéimeanna gníomhachtaithe saothair in áireamh, agus iad siúd atá níos sine ná 65 bliain d'aois atá dífhostaithe, táimid ag caint faoi 448,000 duine atá dífhostaithe sa tír seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 20% de na daoine dífhostaithe. Tá fadhb uafásach mór fós os ár gcomhair. Bhíos ag féachaint ar an straitéis fiontar réigiúnach. An bhliain seo caite, dúirt an Rialtas sa phlean gníomhaíochta a bhí aige ag an am go mbeadh an straitéis i bhfeidhm roimh Mheitheamh na bliana seo caite.

Anois táimid tar éis fáil amach nach raibh sé i bhfeidhm ar feadh an bhliain ach amháin i gceantar amháin. Is é an ceantar sin ná an lártíre. Tá an Rialtas céim taobh thiar dá féin ó thaobh an sprioc sin de. Níl aon sprioc ann maidir leis an méid post atá an Rialtas chun a chruthú sa chrut seo freisin. Thit líon na ndaoine atá fostaithe san iarthar agus san iar-dheisceart an bhlian seo caite. Thit líon na ndaoine atá ina gcónaí sa réigiún BMW, Border, midland and western region, le ceithre bliain anuas freisin. Tá dul chun cinn déanta ó thaobh na figiúir ón IDA de. Tá siadsan ag feabhsú ach fós, go dáta, níl an Rialtas nó an IDA ag baint amach an sprioc a bhí acu ar chor ar bith. Tá an Rialtas i gcumhacht le ceithre bliana anuas ach níl an sprioc sin bainte amach ar chor ar bith.

Bhí mise i dteagmháil le roinnt oifigí LEO, local employment offices, timpeall na tíre. Dar leo, tá fadhb úafásach ann ó thaobh an méid daoine atá ag obair iontu. Tá na sean-conarthaí fós faoi díospóireacht agus faoi phlé. Níl sé socraithe fós cé tá ag obair sna hoifigí seo. I gcás trí cinn dóibh, ní raibh ach beirt ag obair iontu. Tá sé sin do-chreidte ó thaobh feidhmiú pholasaí an Rialtais sna réigiúin de.

Níl aon tagairt ar chor ar bith do chúrsaí trádála nó do chúrsaí fiontar treasteorainn. Bhí cruinniú ag an coiste seo agus coiste fiontar cúpla mí ó shin. Bhí díospóireacht iontach againn ar conas ar cheart dúinn an dá geilleagar a chur le chéile. Níl tagairt ar bith dá leithéid san action plan atá ag an Rialtas.

Ó thaobh an cruth réigiúnach de, níl sé soiléir agus b'fhéidir gur féidir leis an Aire sonraí a thabhairt dom maidir leis, an bhfuil an Rialtas chun níos mó airgid a chur isteach nó an bhfuilimid ag caint faoin méid airgid atá ann sa Roinn agus é á chur i dtreo éigin eile. Ní raibh aon rud ann maidir le stráitéis "cnuasach" a chur i bhfeidhm. Sna blianta ó shin, bhí ar an Rialtas na comhlachtaí pharmaceutical a chur sa deisceart. Bhí siad ag féachaint ar Meditech a chur in iarthar na tíre. Bhí an Rialtas ag díriú ar chnuasach a chur le chéile. Is é sin ná gnóthaí atá cosúil lena chéile a chur i reigiún áirithe lena chéile. Níl aon tagairt ag an Rialtas dá stráitéis ón taobh seo de. Le blianta anuas freisin, táimid ag caint faoi chúrsaí ríomhtráchtála. Is é atá i gceist le seo ná daoine ag dul ar a gcuid ríomhairí chun rudaí a cheannach. Tá ar a leithéid 75% den airgead sin ag dul thar lear. Is fadhb úafásach é sin. Tá leak ann agus is leak mór é. Sa todhchaí, éireoidh sé sin i bhfad níos measa. Tá siopaí ar sráideanna timpeall na tíre ag cailliúnt an airgead sin. Tá sprioc ann ó thaobh vouchers agus an scéim sin de ach níl aon athrú tagtha ar an méid achmhainní atá ag dul isteach san earnáil sin ar chor ar bith bliain i ndiaidh bliana. Deirtear gach fán gcéad a d'fhéadfaimis a shábháil sa tír seo, cruthaíonn sé seo €40 milliún sa bhliain.

Más féidir leis an Aire na ceisteanna sin a fhreagairt ar dtús, beidh mé an-bhuíoch.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.