Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Ms Orla Nic Biorna:

Inniu tá me le haird a thabhairt faoi rud atá mór i béal an phobail in Éirinn inniu. Is é an galar is measa sa tír seo. Is mallacht ar a thugtar. Oileán na naomh 's oileán na n-ollamh a deirtear. Bheadh "oileán na n-oltóirí 's na meisceoirí" níos fóirsteanaí. Beidh mé ag labhairt inniu faoi alcól i measc daoine óga sa tír seo. De réir taighde a rinneadh ar na mallaibh, dúirt déagóirí na hÉireann go raibh níos mó alcól acu ná mórán daoine óga sna tíre eile san Eorap. Lena hais sin, fuarthas amach go gcaitheann daoine óga sé agus seacht mbliana deag d'aois £20 ar an mheán ar alcól sa tseachtain. Is ionann sin agus margadh mí-dhleathach €145 milliún sa bhlain. Tá sé sin do-chreidte agus go hiomlán do-ghlactha. Tá sé scanallach nach féidir le polaiteoirí na tíre dul i ngleic leis an bhfadhb seo ar mhódh shásúil. Ar mhaith leo an fhadhb a réiteach? Sin í an cheist. B'fhéidir go gcaillfí an €145 milliún de gheilleagar na tíre.

Ach sin ráite, ní fhadhb í a bhaineann leis an aois óig amháin. Tá cultúr na tíre lochtadh go bhfuil an t-ólachán fite fuaite in achan ghné den tsaoil. Nach dtugfaimis uisce beatha ar an locht dúchasach sin agus nach "sláinte" a deirtear sular n-óltar deoch. Céard é an chineál teachtaireacht atáimid á thabhairt? In achan ócáid inár saol, tá cuma go bhfuil an t-ólachán lárnach sa chéiliúradh. Tagann leanbh ar an shaol. Óltar ar son sláinte an pháiste.

Bíonn baistí ann agus ólann na teaghlaigh. Ag breithlaethanta, baistí agus tórraimh, tarlaíonn an rud ceanann céanna. Ní nach ionadh go mbíonn daoine óga ag iarraidh a bheith ag ól, nuair atá sin sáite sa chultúr ón gcliabhán. Tá a fhios againn - an rud a chíonn leanbh, déanann leanbh.

Caitheadh €6.36 billiún ar an alcól in Éirinn i 2012 agus táim lán chinnte go bhfuil sin ardaithe arís i mbliana. Déanaigí macnamh ar sin - cóir agus €6 billiún. Caidé atá cearr linn nach dtuigeann muid an dochar atá muid ag déanamh dár gcoirp? Míneoidh mé an fhadhb daoibh. Tá an t-alcól normálta inár sochaí. Is gnáth rud do dhaoine fásta dul amach ag an deireadh seachtaine agus barraíocht a ól. Go dtí go n-athraíonn daoine fásta, ní athróidh na daoine óga. Is cuma cé mhéid tuarascála a dhéanann daoine óga ar alcól nó is cuma cé mhéid fógraí a dhéantar ar an dteilifís faoin dochar a dhéanann an t-alcól dúinn, mura n-athraítear an cultúr sin, ní athróidh na daoine óga. Fáinne fí atá ann. Tá dea-shampla de dhíth orthu agus faoi láthair níl daoine fásta ag déanamh beart de réir a mbriathar.

Ar bharr ar sin, tá an dóigh a amharcann an chuid eile den domhan orainn le plé. Séanann muid agus bíonn muid míshásta leis an dóigh a gcuirtear na hÉireannaigh i láthair sna meáin mar scaifte meisceoirí. Ach tá an t-am anois le freagracht a nglac linn féin. Ní mór dúinn an cultúir agus an tslí maireachtála atá againn a athrú. Ar ndóigh, tá áibhéil sa steiréitíopa seo, ach ní dóigh liom go bhfuil sé chomh fada sin ón fhírinne, go háirithe nuair a ghlacann muid leis na fáthanna a luaigh mé. Caidé réiteach na faidhbe? Táimid ag an phointe anois go bhfuil na fadhbanna a eascraíonn ón ólachán ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Tá seo ag cur brú ar sheirbhísí an Stáit, ar nós na n-otharlann, na n-otharchairr, na gardaí, an córas leasa shóisialaigh agus eile. Má leanann muid leis an nós seo, beidh anachain againn gan mhoill.

Tá rud éigin raidiceach agus réabhlóideach de dhíth orainn. Tá normáltacht de dhíth, ach bíodh sé gan alcól. Tá éisteacht suntasach de dhíth ar na ceantair is mó a bhfuil leibhéal arda alcóil iontu. Tuigim go rí-mhaith go bhfuil go leor áiseanna ann do dhaoine óga. Feicim na deacrachtaí atá i gceantair áirithe sa tír seo nuair nach bhfuil na seirbhísí cearta ar fáil iontu. I mo cheantar féin mar shampla, de bharr ciorruithe rialtais, táthar ag caint ar chomhlachtaí agus cumainn áirithe a dhruidim. Is codarsnacht ollmhór í seo. Caidé mar is féidir leis an Rialtas a rá linn fanacht amach ó alcól, gan barraíocht alcóil a ól agus a rá le daoine óga gan alcól a ól agus ansin áiseanna tábhachta phobail a dhruidim?

Ní mór don Rialtas aird a dhíriú ar an fhadhb seo. Caithfidh siad taighde a dhéanamh, eolas agus cruthúnas a fháil ó tíortha ina bhfuil an scéal níos fearr. Ní bheidh sin furasta. Ní athróidh an scéal thar oíche. Tá an cultúr seo greanta ionann leis na cianta agus beidh obair mhór le déanamh le sin a bhisiú. Oiligh na n-óltóirí agus na meisceoirí. An é seo an cultúr atá i ndán dúinn, an cultúr is ársa san Eoraip, báite go beatha sa bheoir. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.