Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: Select Sub-Committee on Arts, Heritage and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2015
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

4:00 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Is mór agam an deis seo a fháil Meastacháin 2015 sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán a phlé leis an chomhchoiste. San iomlán, tá os cionn €56 milliún le caitheamh ag mo Roinnse i mbliana sna réimsí seo.

Mar is eol don chomhchoiste, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar dhúshraith do chur chuige mo Roinne sna réimsí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá os cionn €12 milliún le caitheamh ag mo Roinnse i mbliana ar na scéimeanna tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus ach go háirithe leis an phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta.

Tá feidhm thábhachtach ag mo Roinnse maidir le forbairt na n-oileán. Tá €5.9 milliún ar fáil i maoiniú reatha i mbliana do sheirbhísí iompair chuig na hoileáin éagsúla agus tá €644,000 ar fáil i maoiniú caipitil do na hoileáin. Tá sé beartaithe héileapad a thógáil ar Thoraigh as an allúntas seo.

Tá soláthar méadaithe de bheagnach €18.5 milliún ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana chun cabhrú leo a gcuid spriocanna fostaíochta agus teanga a bhaint amach sa Ghaeltacht. Tá mé an-shásta gur éirigh liom cistiú breise de mhilliún euro a fháil i mbuiséad caipitil an Údaráis, a chuirfidh ar a chumas 570 post úr a chruthú sa Ghaeltacht i mbliana. Cuirfidh buiséad reatha an Údaráis ar a chumas an próiseas pleanála teanga a thabhairt chun tosaigh sna limistéir a thagann faoina chúram.

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile chun ionad cuairteoirí a thógáil ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc mar chuid de Chlár Cuimhneacháin 2016 de chuid an Rialtais. Tá mé ag súil go mbeidh dul chun cinn suntasach á dhéanamh i mbliana ar fhorbairt an ionaid sa chaoi is go mbeidh sé réidh don chomóradh an bhliain seo chugainn.

Is gné thábhachtach í d'obair mo Roinne tacú leis an chomhoibriú thuaidh theas agus tá beagnach €13.5 milliún ar fáil don Fhoras Teanga i mbliana. Ós rud é go bhfuil an Foras Teanga cómhaoinithe ag mo Roinnse agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, beidh an buiséad le haontú leis an Roinn ó thuaidh agus le faomhadh ina dhiaidh sin ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga, tá soláthar méadaithe de €650,000 ar fáil i mbliana don oifig chun a chuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Mar fhocal scoir, tá léargas ginearálta tugtha agam ar na réimsí a thagann faoi mo chúram mar Aire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta. Tá mé lán sásta aon cheist a fhreagairt faoi mo chumais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.