Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom ceist a chur a chuir muid ar na hombudsmen éagsúla eile a tháinig isteach. Is dócha gur scrúdú é seo ar cé chomh maith is atáimid ag feidhmiú mar chomhchoiste atá ag obair leis na hombudsmen éagsúla. Luaigh an coimisinéir an ról a bheidh ag an gcomhchoiste ó thaobh comhlachtaí a chlárú nó a díchlárú. B'fhéidir go míneoidh sé an ról sin dúinn arís. Nuair a dúirt an coimisinéir gur cheart dúinn éisteacht le himscrúdaithe, an raibh sé ag caint ar éisteachtaí cosúil leis an rud a rinne muid leis an Roinn Coimirce Sóisialaí? An bhfuil an coimisinéir sásta go bhfuilimid tar éis éisteacht mar is ceart a thabhairt ar na himscrúdaithe go dtí seo? An bhfuil aon cheann dóibh in easnamh?

Luaigh an coimisinéir reachtaíocht eile soicind ó shin. Thóg mé suas mícheart é. Tá 28% de na himscrúdaithe bunaithe ar reachtaíocht eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla. An bhfuil reachtaíocht eile gur fiú a thógáil faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla? Má tá sé soiléir gur cheart go mbeadh an reachtaíocht sin clúdaithe ag Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá mé cinnte go mbeimid in ann foráil a chur san Acht nua a thógfadh san áireamh ceisteanna teanga i gcomhthéacsanna eile. An bhfuil gearán faighte ag Oifig an Choimisinéara Teanga ó thaobh Achtanna eile? An ndúradh nach féidir imscrúdú áirithe a éisteacht de bharr nach bhfuil foráil teanga sa reachtaíocht áirithe sin?

Nuair a thagann reachtaíocht os ár gcomhair, tá sé mar chleachtadh againn go minic leasuithe a chur ar aghaidh ag iarraidh go dtiocfadh an píosa reachtaíochta sin faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla. Deirtear linn nach gá a leithéid a dhéanamh de bharr go bhfuil sé clúdaithe ag an Acht féin. De réir mar a thuigim, go minic ní mar sin atá. An bhfuil aon reachtaíocht breise ann gur fiú a chur isteach mar sórt aguisín sa reachtaíocht nua atá ag teacht chun cinn chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla? An bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga ag lorg cumhachtaí breise i réimsí eile den tsochaí ina bhfuil an oifig ag fáil gearáin fúthu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.