Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tá briseadh síos againn. Táimid ag cur le chéile an tuarascáil bhliantúil don bhliain seo caite i láthair na huaire agus tá briseadh síos déanta ann ar cé as atá na gearráin ag teacht, céard leis a bhaineann na gearráin sin, cé hiad na comhlachtaí a dhéantar gearrán fúthu agus mar sin de. Tá líon na ngearrán a fritheadh anuraidh beagán níos airde ná an bhliain roimhe sin agus tháinig ardú beag chomh maith ar líon na ngearrán a tháinig isteach ag an oifig. Baineann formhór na ngearrán a dhéantar leis an oifig le forálacha maidir le scéimeanna teanga, a leithéid de chártaí aitheantais, shuíomhanna gréasáin, fhoirmeacha agus mar sin de. Baineann thart ar ceann as chuile thrí gearráin a thagann isteach san oifig leis sin. Ina theannta sin, baineann 25% le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht agus stáiseanóireacht, 10% nó mar sin le fadhb le hainm nó seoladh i nGaeilge agus thart ar 9% le freagraí i mBéarla i gcumarsáid Gaeilge. Tá sé leagtha síos mar rialachán san Acht, dar ndóigh, go bhfuil duine a scríobhann chuig comhlacht poiblí i nGaeilge i dteideal freagra a fháil i nGaeilge chomh maith. Fuair muid roinnt mhaith gearráin faoi sin chomh maith.

Chuir an Teachta ceist chomh maith faoi bhriseadh síos ar údaráis áitiúla agus Ranna Rialtais agus mar sin de. Dar leis na figiúirí atá againn go dtí seo, baineann an céatadán is airde le húdaráis áitiúla. Tá ceann as trí ghearrán beagnach bainteach le húdaráis áitiúla, baineann 17% nó mar sin le Ranna Stáit agus le hoifigí Rialtais agus baineann thart ar 8% le húdaráis sláinte. Den chuid is mó, feictear dom go leanann na gearráin, na casaoidí agus na deacrachtaí ag daoine ar aghaidh. Bíonn deacrachtaí ag daoine maidir le cúrsaí comhfhreagrais i nGaeilge agus maidir le foirmeachaí a fháil i nGaeilge go bhfuil siad ina dteideal i gcónaí. I bhformhór na gcásanna a bhíonn muid ag déileáil leo, éiríonn linn réiteach neamh-fhoirmiúil a fháil ar na gearráin sin agus cuirtear cúrsaí ina ceart. Ina theannta sin go minic cuirtear córas i bhfeidhm chun cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís ach i gcásanna áirithe bíonn orainn dul chuig imscrúduithe chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.