Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 25 November 2014
Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht
Future Plans: Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
4:45 pm
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Le freagra a thabhairt ar na ceisteanna maidir leis an gCartlann Náisiúnta, mar atá a fhios ag an gcoiste, cé gur chaill muid an spriocdáta anuraidh, tá sé i gceist go mbeidh na comhaid a bhaineann leis an Roinn ar fáil roimh dheireadh na bliana.
Maidir leis an maoiniú do Theach an Phiarsaigh, thug mé cuairt ar an dtogra sin i gContae na Gaillimhe i rith an tsamhraidh agus chonaic mé an sár obair atá ar siúl ansin. Tá an Roinn ag cur €2 mhilliúin ar fáil don fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh agus tá moltaí le dul os comhair bhord Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann. Cé nach bhfuil aon ról agam sa phróiseas sin, tá súil agam go dtiocfaidh freagra agus toradh dearfach ó na boird sin. Maidir leis an bpróiseas atá ar bun, ba mhaith liom go mbeadh ceangal idir an bpobal agus na páirtithe leasmhara éagsúla agus go mbeidís ag obair le chéile, ó bun go barr, ar an dtogra seo. Tá sé fíor thábhachtach go rachadh sé ar aghaidh agus go mbeadh sin an philosophy don togra ó bhun go barr. Mar sin, ba mhaith liom go leanfadh an obair ar aghaidh ar sin.
Cuireadh ceist faoin mBille teanga. Ó tugadh an post úr seo domsa i lár an tsamhraidh, tá an Bille teanga ar m'intinn. Tá an Bille seo á dréachtú faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na bliana chomh fada agus a bheidh an chead sin faighte ón Rialtas. Tuigim gur tháinig mo chuid oifigigh os comhair an fhochoiste ar a bhfuil an Seanadóir Ó Murchú mar Chathaoirleach níos luaithe i mbliana agus táim ag súil go mór le tuarascáil an fhochoiste sin a fheiceáil go luath.
Maidir leis an gceist i dtaobh an Ghaeilge in institiúidí na hEorpa, beidh cinneadh le tógaint roimh dheireadh na bliana 2015 faoi thodhcaí an mhaolaithe. Sa chomhthéacs sin, tá plé ar bun ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhair le Roinn an Taoisigh agus páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontas Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaca leis an maolú. Beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am tráth. Bhí roinnt mhaith daoine i dteagmháil liom ar an ábhar seo agus tá a fhios agam gur ábhar tábhachtach é. Fanfaidh mé i dteagmháil leis an gcoiste ar an ábhar seo. Beidh cruinniú ar siúl amárach agus cruinniú eile amach anseo ar an ábhar seo.
Cuireadh ceist freisin ar chonradh farantóireachta Inis Mór. Chas mé le dreamanna leasmhara i gContae na Gaillimhe i lár an tsamhraidh. Bhí mé iontach gnóthach i lár an tsamhraidh ag casadh le grúpaí úra agus chas mé leis an grúpa atá ag obair ar an gceangal idir an mórthír agus na hoileáin.
Tá sé iontach tábhactach. Bhí mé ar Oileán Thoraí coicís ó shin. Tá a fhios agam an ról fíor thábhactach atá ag an báid farrantóireachta ann. Maidir le conradh farrantóireachta Inis Móir, cé nach bhfuil aon chonradh ann, cuireadh in iúl dom le déanaí go bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht leanúint leis an tseirbhís céanna don oileán. Maidir leis an cheist ag baint le Inis Oírr, tuigfidh an Seanadóir go bhfuil an buiséad caipitil laghdaithe le cúpla blian anuas, ó 2008 ar aghaidh. Tá fios ag gach aon duine anseo na laghduithe atá sa bhuiséad i mbliana ach níl aon laghdúchán i mbuiséad na n-oileán. Ach maidir le cé inis Oírr, caithfimid maireachtaint taobh istigh den bhuiséad atá againn.
Maidir leis na hoileáin nach bhfuil i gceantar Gaeltachta, ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas go raibh mé ar Inis Arcain agus ar Oileán Mór cúpla seachtain ó shin. Chas mé le daoine atá ag obair go dian ann, oibritheoirí Stáit agus oibritheoirí eile ag obair go deonach. Chonaic mé an sár-obair atá ar siúl ar an dhá oileán sin. Táthar ag obair le chéile ansin. Tá an obair sin fíor-tábhachtach d'oileáin nach bhfuil i gceantar Gaeltachta. Tuigeann an Roinn comhshaoil gur tháinig deireadh leis an gclár LCDP, local and community development programme, ag deireadh 2013 ach tá sé i gceist leanúint leis an obair go deireadh mí an Mhárta 2015, nuair a thiocfaidh an chlár nua, social inclusion and community activation programme, SICAP, i bhfeidhm. Tá mo Roinn ag plé leis an Roinn comhshaoil chun réiteach a fháil maidir leis na comhlachtaí forbartha áitiúla ar na hoiléain nach bhfuil i gceantar Gaeltachta. Bhí cruinniú agus turas go dtí na hoileáin ag oifigigh ón Roinn ghnóthaí Gaeltachta agus oifigigh ón Roinn comhshaoil inné. Ba mhaith liom ráiteas dearfach a fháil faoin togra seo. Beidh fáilte roimh smaointe úra agus cabhracha eile atá ag aon duine maidir le obair na grúpaí chomhdhála nó na grúpaí éagsúla eile, Níl aon difríocht idir oileáin nach bhfuil i gceantar Gaeltachta agus iadsan atá baint lárnach i gceantar Gaeltachta acu. Níl aon difríocht ann maidir le seirbhísi tábhachtachta, seirbhísí atá ag obair le chéile agus le seandaoine agus daoine óga agus ag obair go dian dícheallach ar son sláinte an phobail agus chun ceangailt a chruthú ann. Táim chun súil a choimeád ar sin.
No comments