Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 October 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Water Tariffs: Commission for Energy Regulation

4:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil Gaeilge ag duine de na finnéithe. Cé mhéad airgead a cheadadh le haghaidh cúrsaí tuarastail agus riaracháin ar Uisce Éireann, san iomlán? Caithfidh go raibh figiúr éigin i gceist a bhí inghlactha mar bharrchostas riaracháin ar Uisce Éireann.

Is é an dara chéist atá agam ná nuair a bhíothas ag cur isteach na méadair, cén fáth nár úsáideadh méadar a thabharfadh eolas do dhaoine ina gcistiní féin cé mhéad uisce atá in úsaid, sa chaoi nach bhfaighidís taom crói tar éis trí mhí nuair a léifí an méadar, nó go gcaithfidís dul amach chun é a léamh? "Telemetrics", sílim a thugann siad air.

Cé leis an méadar? Má bhriseann sé, cé leis é? De réir mar a thuig mé ó fhreagra a thugadh ar ball, dá ndéanfaí dochar don phíopa amuigh faoin mbóthar poiblí, d'fhéadfadh úinéir an tí a bheith freagrach as íoc as Uisce Éireann teacht agus an píopa sin a dheiseadh má tá sé taobh istigh den áit a thagann an píopa ón bpríomhphíopa atá ag dul ar an mbóthar. An bhféadfadh na finnéithe deimhniú go bhféadfadh seo bheith taobh istigh den mhéadar, go bhféadfaí bheith freagrach as píosa den phíopa taobh istigh den mhéadar a bheadh faoin mbóthar nó faoin gcosán poiblí? Glacaim leis go bhfuil daoine freagrach as an bpíopa atá ar a gcuid talún féin.

San áit go bhfuiltear ar ghrúpscéim uisce agus go bhfuil an grúpscéim ag fáil an uisce ón soláthar poiblí, mar a tharlaíonn go minic ar fud na tíre, cén bunús a bheas ann leis na táillí a ghearrfar - agus glacaim leis go ngearrfar táillí ar an ngrúpscéim uisce as ucht an uisce a cheannach - agus an mbeidh na liúntais in aghaidh an tí ar fáil don ghrúpscéim? Ní raibh mé in ann soiléiriú a fháil ar sin ó Uisce Éireann. Dá mba rud é nach raibh an Rialtas ag íoc €500 milliún le hUisce Éireann, cé mhéad de tháillí uisce a bheadh i gceist in aghaidh an méadar ciúbach?

Ba mhaith liom tacú leis an bpoínte a rinne an Teachta O'Donnell - ba bhreá liom freagra na ceiste seo. Ceapaim go mba cúnamh agus faoiseamh mór é dá mba rud é gur cheap daoine nach bhféadfaí níos mó ná méid áirithe a ghearradh díobh is cuma cén tubaiste a bhainfeadh dóibh, ag glacadh leis nár chuireadar uisce amú, as seo go 2016 nó 2017. Shílfeá má tá na figiúirí atá ag na finnéithe réasúnach le haghaidh an táille seasta go mbeadh gach aon duine beagnach in ann teacht faoi sin agus gur beag a thiocfadh os a chinn.

Tá an-chaint ar uisce isteach agus uisce amach.

Tá 500,000 teach sa tír seo a bhfuil a gcuid córais séarachais príobháideacha féin acu. Ar ámharaí an tsaoil, d'oibríodh amach - tá súil agam go heolaíoch - go gcosnaíonn sé díreach an rud ceannan céanna an t-uisce a thabhairt go dtí an teach agus a chosnaíonn sé é a thógáil ón teach. Tá cineál barúil agamsa go bhfuil sé i bhfad Éireann níos chostasaí i dtéarmaí caipitil agus i dtéarmaí déileáil leis an mbaol an t-uisce a thógáil ón teach ná mar atá sé é a thógáil go dtí an teach. Ar chén bunús a shocraíodh go raibh an costas díreach mar a chéile agus sa gcás nach bhfuil an dara seirbhís ag daoine go bhfuil orthu fós leath an táille a íoc nuair go mb'fhéidir nach gcosnaíonn sé ach a tríú chuid den lánchostas é a thabhairt chomh fada leo. Tuigfidh daoine a bhíonn ag plé le scéimeanna séarachais agus scéimeanna uisce go bhfuil sé i bhfad níos saoire é a thabhairt ann ná mar atá sé a thabhairt as.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.