Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 9 October 2014

Public Accounts Committee

2013 Annual Report of the Comptroller and Auditor General and Appropriation Accounts
2013 Annual Accounts of Údarás na Gaeltachta

10:15 am

Mr. Stiofán Ó Cúláin:

Táimid buíoch as ucht an cuireadh teacht os bhur gcomhair inniu chun plé a dhéanamh ar chuntais iniúchta an údaráis don tréimhse dár críoch 31 Nollaig 2013. Tá beirt ball den bhainistíocht, Gearóid Breathnach agus Séamus Mac Eochaidh, liom anseo inniu. Ba mhaith liom an deis a ghlacadh chun cúlra a thabhairt don choiste ar obair na heagraíochta chomh maith le tagairt a dhéanamh do na féidearthachtaí agus na dúshláin a bheidh le sárú sa tréimhse atá amach romhainn.

Aithnítear gurb é cobhsú an bhoinn eacnamaíochta trí ghiniúint fostaíochta an bealach is fearr leis an daonra a chaomhnú agus gurb é seo an bunsraith chun caomhnú agus leathnú na teanga a bhaint amach, rud atá lárnach don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cruthaíodh 611 post nua i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2013. Bhí beagnach 7,650 post i gcliantchomhlachtaí an údaráis ag deireadh na bliana, comhdhéanta de 6,969 post lánaimseartha agus 680 post páirtaimseartha. Is údar mór dóchais é go raibh an líon ba lú caillteanais post le 30 bliain i gcliantchomhlachtaí Gaeltachta le linn 2013.

Tá ráitis airgeadais Údarás na Gaeltachta don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2013 iniúchta ag Oifig an Ard-Reachtais Cuntas agus Ciste faoi Alt 18 de Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979. Is é a thuairim go raibh leabhair chuntais chuí coinnithe ag Údarás na Gaeltachta agus go raibh na ráitis airgeadais ag teacht leis na leabhair chuntais. Ní raibh aon rud le tuairisciú maidir leis na cúrsaí sin faoina ndéantar tuairisc le heisceacht.

Maidir leis an bhfócas i mbliana agus don bhliain seo chugainn, leanfaidh an tÚdarás air ag maoiniú réimse de thionscadail a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, tacú le fiontair láidre nuálacha, a chruthóidh agus a chothóidh rachmas agus fostaíocht sa Ghaeltacht trí thacú le comhlachtaí nua agus comhlachtaí atá bunaithe cheana féin a gcuid fostaíochta a chaomhnú agus a mhéadú.

Maidir le forbairtí agus cinneadh straitéiseacha, tá béim faoi leith á chur againn ar fhorbairt acmhainní nádúrtha atá flúirseach thart ar chóstaí na Gaeltachta. Facathas deis dúinn i bhforbairt tionscal na feamainne. Cé go mbeadh infheistíocht nua suntasach agus saineolas eolaíochta, taighde agus margaíochta riachtanach, bheartaíomar an deis a thapú agus scaireanna inar bhfochomhlacht, Arramara Teoranta, a dhíol trí phróiseas trédhearcach le saineolaí idirnáisiúnta san earnáil seo.

Tá ábaltacht agus fonn ar bhord agus ar fhoireann an údaráis breis fostaíochta a chruthú agus próiseas pleanála teanga a thionscnú sa Ghaeltacht ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil dúinn chuige seo. Go sonrach, is féidir suas le 1,000 post breise thar tréimhse cúig bliana a chruthú agus úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra phobal a mhéadú 25% thar tréimhse 20 bliain ach na buiséid chuí agus an t-infreastruchtúr riachtanach a bheith ar fáil, go háirithe córas leathanbhanda ardluais ar chostas réasúnta a sholáthar, aonad fiontraíochta d’ardchaighdeán a chur ar fáil agus struchtúr oiriúnach foirne a bheith in áit ón bhliain 2015 ar aghaidh.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tacaíocht atá tugtha dúinn ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann, Bord Bia, Bord Iascaigh Mhara, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, Solas agus an Roinn Coimirce Sóisialaí i gcur i bhfeidhm ár gcláir fostaíochta sa Ghaeltacht sa bhliain 2013. Ar mhian leis an gcoiste go ndéanfainn aistriú go Béarla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.