Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

5:00 pm

Mr. Steve Ó Cualáin:

Ba mhaith liom aird a thabhairt ar na cupla ceist deiridh a d'ardaigh an Seanadóir ansin, agus labhróidh mo chomhghleacai ar na mionsonraí. Ó thaobh go ndéanfadh an t-údarás iarratas ar cheadúnas bainte feamainne muid féin, ní rud é sin atáimid in ann a dhéanamh leis na hacmhainní agus leis an saineolas atá againn. Nuair a ghlac muid an comhlucht Arramara anonn i 2006, bhí sé lag go leor, agus is é an chéad rud a bhí le déanamh againn ná an comhlucht a thabhairt ar ais chun foirfeachta le go mbeadh muid in ann buntáiste a bhaint as. Is dóigh gurb é an rud ba éasca a dhéanamh ag an am ná gan tada a dhéanamh, ach mheas muid, i straitéis an údaráis ag an am agus muid ag breathnú ar acmhainní nádúrtha an cheantair, go bhféadfaimid buntáiste níos fearr a bhaint as na hacmhainní nádúrtha a bhí thart orainn agus gurb shin an bealach ab fhearr le forbairt a dhéanamh i gceantar iargúlta, áit a raibh fostaíocht gann, mar a dúradh. Sin an bunús a bhí taobh thiar den iarracht atá ar siúl againn ó shin i leith, ó 2006, go dtí gur díoladh an comhlucht.

Chuaigh muid i mbun phróisis trédhearcach a bhí infheicthe ag Ranna eile stáit chomh maith linn féin. Bhí sé cothrom agus cóir. Rinne muid gach rud a d'fhéadfadh muid i gceart. Thóg muid tréimhse an-fhada chun é a dhéanamh, mar atá a fhios ag an gcoiste. Thosaigh sé seo i 2010 agus chuaigh sé ar aghaidh ansin go dtí gur ceannaíodh an comhlucht i 2013. Fiú amháin, bhí tréimhse fada idirbheartaíochta againn leis an gcomhlucht a cheannaigh na scarannaí sa gcomhlucht. Sin an méid a dhíol muid, na scarannaí. Níor dhíol muid na sócmhainní. Is ar an mbunús sin a chuaigh muid ar aghaidh.

Maidir leis na ceisteanna sonracha a chuir an Seanadóir ar chuir muid iseach ar cheadúnas, níor smaoinigh muid air sin a dhéanamh mar níl na hacmhainní nó an saineolas sin againn. Sin an fáth ar lorg muid páirtnéar straitéiseach sa ghnó seo a bhéadh in ann an tionscal seo a thabhairt ar aghaidh go dtí céim eile. Maidir le comharchumann áitiúil a theacht chun cinn, tá píosa fada caite againn ag plé le comharchumainn ar fud na Gaeltachta. Tá suas le 30 comharchumann nó comhluchtaí pobalbhunaithe a bhfuil muid ag plé leo ó lá go lá. Déanaimid é sin i gcónai. Maidir le hiarratais, labhróimid le haon duine. Is é an bunús atá taobh thiar dá bhfuil ar siúl againn ná go bhfaighimis an buntáiste is fearr as an acmhainn luachmhar aiceanta seo do phobal na Gaeltachta. Sin é an fáth a bhfuil muid ag dul. Tá mé sásta labhairt le duine ar bith faoi sin.

Ó thaobh bunú chomharchumann sa lá atá inniu ann, tá sé deacair againn deileáil leis na 30 nó mar sin comhlucht pobalbhunaithe atá againn agus iad a choinneáil beo. Tá siad faoi bhrú seasta ó thaobh ghearradh siar ó thaobh acmhainní. Is é an bealach a bhfuilimid ag dul ná go gcaithfimid comhchúlú a dhéanamh ar an méid atáimid ag plé leo faoi láthair in áit méadú. Ach, mar a dúirt mé, ní iompóimid ó aon iarratas ó mhuintir na Gaeltachta i leith na feamainne nó eile amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.