Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

3:50 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Mr. Jean-Paul Deveau, atá mar chathaoirleach ar Arramara Teoranta; agus an tUas. Dónall Mac Giolla Bhríde, atá mar bhainisteoir ginearálta leis an gcomhlacht céanna. Cuirim fáilte freisin roimh Dr. Raul Ugarte, atá mar thaighdeoir sinsearach le Acadian Seaplants Limited; Mr. Rex Hunter, atá mar leas-uachtarán - bainistiú acmhainní - leis an gcomhlacht céanna; agus Ms Linda Theriault, atá mar stiúrthóir caidreamh poiblí agus rialtais leis an comhlacht. I hope I have pronounced Ms Theriault's name correctly. Cuirim fáilte freisin roimh an tUas. John Bhaba Jeaic Ó Conghaile as Cearta Cladaigh Chonamara agus an tUas. Máirtín Ó Murchú atá mar rúnaí leis an gcoiste sin. Cuirim fáilte freisin roimh Mr. Tony Barrett, atá mar CEO ar Irish Seaweed Processors Limited; agus an tUas. Seán Ó Mocháin ón gcomhlacht céanna. Cuirim fáilte freisin roimh an tUas. Steve Ó Cualáin, atá mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta; agus an tUas. Séamus Mac Eochaidh, atá mar bhainisteoir fiontraíochta leis an údarás. Gabhaim buíochas leo uilig as bheith i láthair. I thank them all for their attendance here today. Iarraim anois ar ionadaithe Arramara Teoranta labhairt os comhair an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.