Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

2:10 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad agus ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl dóibh. Níl aon amhras faoi ná go bhfuil muid go mór faoi chomaoin acu. Tá siad i measc na ndaoine a bhíonn ag saothrú na Gaeilge gach lá ar an dtalamh agus tá tuiscint acu ar cad atá ag tarlú agus cad ba chóir a dhéanamh. An ról atá ag an bhfochoiste seo ná cabhrú leo agus leis na daoine eile go bhfuil dualgas agus baint acu le reachtaíocht agus an Ghaeilge i gcoitinne. D'ardaigh an Seanadóir Keane ceist an-thábhachtach, maidir leis an dul chun cinn atá déanta. Thosaigh mé ag deánamh macnaimh ar sin. Bhí mé mar thimire le Conradh na Gaeilge sna 1960í agus níl aon amhras faoi ná go raibh easpa dea-thola ann i leith na Gaeilge ag an am sin. Bhí coimhlint uafásach ann. Bhí an Language Freedom Movement, LFM, an-ghníomhach ag an am chomh maith.

Bhí an díospóireacht sin nimhneach, ach tá athrú an-mhór tagtha idir an dá linn. Tá dea-thoil iontach i measc an phobail, tá Raidió na Gaeltachta agus TG4 againn, tá Gaelscoileanna againn, tá stádas oibre oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip agus tá liosta fada eile againn den dul chun cinn atá déanta. Caithfimid tógáil ar sin, ach ní féidir tógáil gan an reachtaíocht bunúsach a bheith ceart agus, dar ndóigh, gan an t-airgead atá ag teastáil a bheith ann. Tá sé an-deacair luach a chur ar teanga náisiúnta na hÉireann. Uaireanta, ní figiúirí móra ar chor ar bith iad na figiúirí a bhíonn á lua, go háirithe nuair a smaoiníonn muid ar cé chomh tábhachtach agus atá an Ghaeilge do spiorad na tíre agus ó thaobh cultúir agus mar sin de.

Ceapaim anois go bhfuil muid ag dul i ngleic leis na pointí agus le rudaí tábhachtacha. Aontaím leis an Seanadóir Keane go mba mhaith an rud é dá bhféadfadh Conradh na Gaeilge na moltaí a chur le chéile dúinn arís, leis na cinn gan costas breise "soilsithe", más é sin an focal ceart. Níl aon amhras faoi gur is ag na finnéithe atá anseo atá macnamh domhain déanta acu ar an gceist seo. I mo thuairim, bheadh sé thar a bheith truamhéileach dá mba rud é gur chailleamar an deis seo chun an rud ceart a dhéanamh. Ní bheadh an pobal i gcoitinne ró-bhuíoch. Caithfimid aitheantas a thabhairt don dea-thoil agus don tacaíocht atá amuigh ansin i measc an phobail.

Tá súil agam go bhféadfaidh muid leanúint ar aghaidh leis na díospóireachtaí seo. Ní bheidh gach rud ina ceart taobh istigh de seachtain amháin. Mar sin, caithfimid a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar gach gné den obair atá idir lámha againn. Le bhur gcead mar sin, cuirfear deireadh leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.