Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

2:10 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir leis an lipéadú, b'fhéidir go dtagann sé seo ar ais beagáinín go dtí an cheist a bhí ag an Teachta Ó Cuív chomh maith leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Keane. Maidir le cén áit an bhfuil muid sa phróiseas seo ó thaobh an Bhille seo agus an fiú é seo a phlé anois nó an fiú iarracht a dhéanamh seo a láidriú, tá muid den tuairim gur fiú é a láidriú. Tá muid mar chuid de phróiseas agus tá muinín againn go mbeidh sé níos láidre. B'fhéidir, síos an bóthar, nach mbeidh muid muiníneach a thuilleadh, ar nós a tharla le Bille na Gaeltachta nuair a d'imigh sé tríd an gcóras gan glacadh le haon leasú. Ach ag an bpointe seo, síleann muid go bhfuil an-chuid gur féidir a chur isteach sa Bhille nach gcosnódh airgead agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de, bíodh sin lipéadú nó ná bíodh.

An rud atá i gceist againn le lipéadú ná go mbeadh sé dhátheangach. Mar shampla, bheadh "Calóga Arbhair" nó "Bainne" ar na hearraí sin. Bheadh lipéadú ar na rudaí a fheiceann daoine timpeall orthu sa saol as Gaeilge chomh maith le Béarla, ar nós a d'fheicfí in aon tír eile ar domhan ina bhfuil níos mó ná teanga amháin. Ní chosnódh seo pingin orainn, mar ag deireadh an lae beidh Kellogs fós ag iarraidh calóga arbhair agus crispíní rís a dhíol in Éirinn, fiú más gá dóib an Ghaeilge a chur ar an mbosca freisin. Is féidir a bheith cinnte faoi sin. Mar sin, ní chosnódh sé pingin orainn agus d'fhéadfaí é a chur isteach sa reachtaíocht.

Luaigh an Seanadóir Keane Uisce Éireann. Is mór an náire é gur cuireadh an t-ainm Irish Water le hUisce Éireann, go háirithe nuair a bhí sé le dul faoi chúram Bord Gáis. Ní dhéanann sin aon chiall. Tá an duine atá i gceannas, John Tierney, an-bháúil don teanga, ach nuair a tugadh an reachtaíocht dó, luadh an dá teideal. Chomh luath agus a tharla sin, lean siad ar aghaidh ag úsáid Irish Water nuair atá siad ag plé leis an bpobal as Béarla. Is trua sin. Mar sin, ba chóir go mbeadh seo mar chuid den reachtaíocht sa todhcaí. Bheadh sé saor in aisce. Ní chosnódh sé pingin agus d'fhéadfaí é a chur isteach.

D'fhéadfaí go leor rudaí eile a chur isteach freisin, mar shampla, fógraíocht. Bíonn an earnáil poiblí ag déanamh fógraíochta ar rudaí éagsúla an t-am ar fad agus níl aon fáth nach mbeadh céatadán den bhfógraíocht sin le bheith as Gaeilge agus ag dul go dtí na meáin Gaeilge. Ceann de na ceisteanna is mó a bhí á plé inniu ná an cheist earcaíochta. Ní chosnódh sé pingin ar an Stát, an méid atá luaite do na phoist ar thagair an tUasal de Barra dóíbh, 6% - méid seafóideach - a mhéadú go 30%, chun go mbeadh daoine ar fáil. Ba chóir go ndéanfaí iniúchadh ar cén áit an bhfuil na daoine sin ag teastáil agus ba chóir a dhéanamh cinnte de go mbeidh dóthain daoine ann leis na poist sin a líonadh amach anseo. Ní chosnódh sin pingin. Is rudaí iad seo ar fad a bhféadfaí a dhéanamh.

D'fhéadfaí dul tríd an chuid is mó de na moltaí atá á dhéanamh againn inniu agus a fheiceáil nach gcosnóidis airgead, go mbeadh feidhm phraiticiúl acu agus go mbeadh siad go maith don teanga. D'fhéadfaí iad seo a chur isteach sa Bhille. Beidh le feiceáil an nglacfaidh an Rialtas leo, cinnte. Mar chuid den phróiseas, tá muidne á gcur chun cinn ag an bpointe seo. Tá súil agam go mbeidh an fochoiste taobh thiar de na moltaí seo agus ansin rachaimid ar aghaidh go dtí an chéad céim eile sa phróiseas. Tá súil againn go bhfuil an Rialtas ag éisteacht. Sa deireadh, d'éist siad maidir leis an gCoimisinéir Teanga agus tá Coimisinéir Teanga neamhspleách againn. Tá súil agam go bhfuil siad fós ag éisteacht agus go gcuirfidh siad na rudaí atá á moladh againn san áireamh sa Bhille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.