Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 May 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht
1:50 pm
Mr. Kevin de Barra:
Sin é go díreach. Maidir leis an gceist a bhí ag an Teachta maidir le costais don Stát, má bhreathnaíonn muid ar chuid de na moltaí atá muid ag déanamh, tá cuid mhaith acu, má dhéantar i gceart iad, a bheidh costas neodrach. Na cinn sin ná na moltaí atá á dhéanamh maidir le córas na scéimeanna teanga. Dá mba rud é go ndearnamar aicmiú ar na comhlachtaí poiblí agus go raibh muid ag cur an dualgas is mó ar an dream is mó a bhí ag plé leis an bpobal, ní bheadh gach dualgas ar gach dream agus bheadh níos lú airgid á gcaitheamh. Is bealach é sin don Fhreasúra an moladh sin a chur chun cinn.
Measaim gur é a rud atá ag teastáil ná go ndéanfar iniúchadh ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge, nó a theastaíonn go gcuirfí ar fáil trí Ghaeilge ón Státchóras, trasna an Státchórais uilig. Níl an t-iniúchadh sin déanta, ach céim phraiticiúil a bheadh ansin sula dtabharfadh muid faoin athbhreithniú. Dá mba rud é gur bhreathnaigh muid ar gach uile comhlacht poiblí ag féachaint céard iad na seirbhísí a theastaíonn uainn, céard iad na poist ar gá dúinn a bheith luaite leo gur gá don té iontu Gaeilge a bheith acu, agus dá mba rud é go ndearnamar é sin, bheadh muid in ann airgead a shábháil. Baineann sé sin leis an gcaighdeánú agus an aicmiú ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí de.
Chuir an Teachta ceist freisin maidir le caighdeán na Gaeilge ag daoine ar leith. Bhí Lisa Ní Fhlatharta, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, isteach ag an gcoiste níos túisce agus rinne sí cur síos ar an bpróiseas a bhíonn acu san ollscoil sin. Measaim go bhfuil an próiseas sin thar a bheith ciallmhar, go bhfuil siad ag úsáid an chórais Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, mar chaighdeán agus mar chreatlach Eorpach a leagann amach na bunscileanna a theastaíonn le haghaidh post a fháil, anuas ar aon inniúlacht eile atá á chuartú le haghaidh post ar leith. Tá sé tábhbachtach go mbreathnóidh muid ar creatlach den chineál sin a leagan síos trasna an Státchórais agus go mbeadh sé sin in úsáid go forleathan. Mar a luaigh muid níos túisce, agus mar a luadh ar maidin, tá daoine eile sa Státchóras atá ag tabhairt faoi cheachtanna as Gaeilge, ach cén mhaitheas é sin muna bhfuil muid ag feiceáil mar thoradh as sin go bhfuil tuilleadh seirbhísí á chur ar fáil. Measaim gur é an bealach chun cinn ná an córas TEG sin a úsáid.
D'fhiafraigh an Teachta ar fiú dúinn é seo ar fad a chaitheamh sna traipéisí agus tosú as an nua. Measaim go mbeadh sin indéanta, ach ó thaobh na praiticiúlachta de, measaim go bhfuil rud éigin ar an mbord againn anseo agus gur féidir linn oibriú laistigh den méid atá os ár gcomhair. Ní dóigh liom go mbeadh sé praiticiúil dá mba rud é go raibh muid ag iarraidh é seo ar fad a chaitheamh amach. Bhí muid sách fada ag fanacht ar na cáipéisí seo. Bhí an próiseas chomharliúcháin sa bhliain 2012, in Eanáir na bliana sin, agus anois dhá bhliain níos deireannaí, táimid ag feiceáil na moltaí. Dá mba rud é gur chaith muid é seo sna traipéisí, measaim nach dtarlódh ach go mbeadh -----
No comments