Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

1:50 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Mar a luaigh an Teachta, d'fhéadfaí a rá go bhfuil dhá mholadh gur fiú dul ar aghaidh leo ag an bpointe seo - an moladh maidir le hainmneacha agus seoltaí agus an moladh go mbeadh gach comhlacht agus Roinn faoi choimirce an Achta go huathoibríoch, gan gá cur leis an Schedule. Sin an dá mholadh is mó a thagann ó na ceannteidil seo go bhfuil aon mhaith leo. Tá dhá mholadh eile sna ceannteidil, ach níl mórán maitheas iontu.

I ndáiríre, tá an oiread sin fágtha amach go bhfuil moltaí déanta againn mar chuid den próiseas seo - má leanann sé ar aghaidh - agus tá súil againn go dtacóidh an fochoiste leo. Is léir nach raibh an próiseas seo ar fad ann leis an tAcht a láidriú. Dá mba rud é go raibh sé ann ansin, bheadh an chuid is mó de na 60 moltaí atá san áireamh sa tuairisc ar an athbhreithniú a rinneadh ar an Acht san áireamh sna ceannteidil, ach níl siad le feiceáil; níl siad ann. Mar sin, tá rud eigin thar a bheith lag agus lochtach os ár gcomhair le plé. B'fhearr - luaigh muid é seo leis an Roinn cúpla uair - mar sin gan dul ar aghaidh leis an mBille go dtí go bhfuil an Bille i gceart. Luamar sin cúpla uair agus bhí an-díomá orainn, mar atá ráite againn arís agus arís eile go poiblí, leis an rud atá tar éis teacht amach ón Roinn. Tá sé thar a bheith lochtach agus easnamhach agus níor tógadh na moltaí nó na rudaí atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh, seachas, b'fhéidir, an dá rud a luaigh mé.

D'fhéadfaí a rá go ndéanann ceann amháin de na rudaí sin a luaigh mé faoin Schedule saol na Roinne níos éasca. Maidir leis an an dara rud, na hainmneacha agus seoltaí, thuigeamar ar fad i gcónaí go bhféadfadh muid sin a dhéanamh, ach is maith ann é mar mholadh. Lasmuigh den dá rud sin, níl na moltaí le feiceáil. Mar sin, más gá an próiseas a chur ar leataobh chun gur féidir an Bille a dhéanamh i gceart, tacóidh muid le sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.