Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá brón orm nach raibh mé in ann a bheith anseo níos túisce ach bhí gnóthaí eile ar bun agus tarlaíonn sé sin sa teach seo. Maidir le ceist Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus na heagraíochtaí bhunmhaoinithe eile nach mbeidh ag fáil aon mhaoiniú, cuireann sé iontas ormsa nach bhfuil maoiniú curtha ar fáil lena dualgas reachtúla a chomhlíonadh. Mar mar a dúirt tú féin is ón stát a tháinig an t-airgead ar fad. Agus creidim gur cheist an-tromchúiseach é sin agus bheadh súil agam go gcuireadh an coiste seo moladh láidir ar aghaidh ag an bheirt Aire go bhfuil anforláimheas acu ar an gnóithe treoir a thabhairt don Fhoras rud a féidir leo a dhéanamh mar chomh-Airí, an t-airgead sin a chur ar fáil. Ní fheicim gur ceist go mbeadh aon phlé faoi. Ní shamhlaím cén chaoi ar tharla sé fiú gur tharla sé seo mar shílfeá go mbeadh sé bunúsach go gcaithfí maoiniú a chur ar fáil go gcomhlíonadh sibh bhur ndualgaisí go mórmhór ag bhur gcuid fostaithe. Agus mar a deirim is ceist í don dá Aire agus atá acu siúd atá réiteach na faidhbe agus lá amháin cruinniú beag amháin idir an dá Aire agus tóg an doras agus jab déanta. Níl fhios agam an fúinne nó an coist amach anseo an bheir t a thabhairt isteach agus ceist díreach a chur orthú cén fáth nach raibh sé sin mar choinníoll ón tús don atheagar.
Now an dara rud b’fhéidir go bhféadfadh sibh bhur míniú a thabhairt air. Tá sibh ag caint ar an bhfostaíocht al laghadú ó 73 go 51 mar beidh na daoine a bheas amuigh ar an mbóthair ag fáil pá. Ach ag an am sin de réir mar a thuigim níl an méid sin de laghadú tagtha ar an airgead. Sé sin, níl dhá seachtú chuid den airgead imithe so an bhféadfadh sibh a mhíniú cá bhfuil an chuid eile den airgead ag dul a bheith caite. Now, má sé chun a bheith caite sa phobal caithfidh tú ansin breithiúnas a dhéanamh an raibh gá leis an méid sin foireann oifige agus an bhféadfá níos lú a chaitheamh ar dhaoine ag suí istigh in oifigí agus níos mó a chaitheamh amach sna pobail agus más féidir bhuel sin a chaithfimid uilig a dhéanamh. Ach más ciorraithe de bhreis ar na ciorraithe atá ráite linn sin ceist eile ar fad agus b’fhéidir go bhféadfadh sibh míniú a thabhairt ar sin.
Anois tá mé tar éis éisteacht go cúramach len a bhfuil le rá agaibh faoin mBille agus faoin dréacht scéim. Agus dáiríre tá sibh ag rá cuid mhaith de na moltaí seo is moltaí teicniúla iad. Má thuigim ceart. Cuid acu is céim ar gcúl iad cúpla ceann fánach céim ar éigin ar aghaidh. Ach nach bhfuil aon rud fíor shubstaintiúil ann. Now caithfidh mé fainic a chur oraibh dá mbeadh an Bille seo foilsithe mar Bhille pléite sa dara chéim sa Dáil agus muid ag cur na moltaí atá sibhse ag cur chun cinn ar aghaidh ag Céim an Choiste mar shampla ríalófaí gach aon cheann beagnach de na moltaí atá déanta as ord ar an mbunús go gcuirfidís costas ar an stát. Agus ní féidir leis an bhfreasúra agus tuigigí é seo ní féidir leis an bhfreasúra leasú a mholadh a chuirfidh costas ar an státchiste agus baintear brí an-leathanas sin mar gheobhfá amach dá mbeifeá amach dá mbeifeá ag iarraidh na leasuithe a chur síos. Agus is dóigh liom go nardaíonn sé seo an cheist an gceapann sibhse go mba cheart don Choiste seo iarraidh ar an Aire an Bille seo a tharraingt siar go hiomlán agus teacht ar ais le dréacht scéim eile a thabharfadh aird ar na moltaí a rinneadh agus a bheadh cun tairbhe na Gaeilge nó an fiú ag tógáil an laincis agus mar deireann an tAire níl mé ag du lag glacadh le fiú aon chuid de na moltaí atá déanta agaibh. An bhfuil an tairbhe níos mó ná an dochair ar dhul ar aghaidh leis an mBille seo? Nó an mb’fhearr dúinn a rá éist leis ar fad is fearr an status quoná an méid atá á mholadh anse.
Tá an mheicníocht a bhaineann leis seo thar a bheith tábhachtach. Caithfidh mise a rá, nach bhfeicimse aon rud mórán chun tairbhe sa mBille mar de réir mar a thuigim sé an fáth go bhfuil an Bille seo ann ar chor ar bith ná maolú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sin an t-údar a chuireadh an athbhreithniú ar bun. Fair play do eagraíochtaí na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge nuair a tháinig an córas comhairliúcháin d’fhan na Béarlóirí a bhí ag gearrán ina dtost agus tháinig sibh ar ais le moltaí foirfe.
Ach ba é an bun-fheidhm an athbhreithnithe ná lagú a dhéanamh ar an Acht fiú is go n-ordóinn féin nach bhfuil sé bainte amach na rudaí ar mhaith liomsa is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil sé ann ach d’fhéadfadh cinnte tá go leor foghlamtha againn ó tháinig sé isteach agus mar atá luaite anseo. Bhreannaigh muid ar obair Cheanada ag an am agus bhreannaigh muid ar obair na Breataine Bige. Thóg muid an Coimisinéir ó Cheanada agus déarfainn nach bhfuil duine ar bith sa tír a déarfadh narbh lá maith oibre é sin. Ba i gceist an-foirfe a dhéanamh ar cheist na scéimeanna ach mar tá sib hag cur i bhfeidhm níl siad ag feidhmiú mar níl an toil ann.
Now just cúpla ceist, déarfainn sibh go mba cheart go mbeadh gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge. Now baineann pobal na Gaeltachta úsáid as gach seirbhís sa tír agus tá ar nós 400 eagraíocht stáit ann agus ar ndóigh dá mbeadh sé ar fáil do phobal na Gaeltachta tuige nach mbeadh sé ar fáil do phobal na Gaeilge mar tá níos mó Gaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath ná mar atá i go leor leor de na Gaeltachtaí ach go praiticiúil cén chaoi a chuirfí rud mar sin i bhfeidhm?

Mar is dóigh liomsa go gcaithfimid a bheith cúramach gan rudaí a mholadh nach bhfuil praiticiúil mar ní tharlóidh siad.

Now an dara ceist atá agam ná cuireann sibh an-bhéim ar 30% den fhostaíocht nua a bheith inniúil ar an dátheanga. Má chuirtear ar an mbealach sin, an bhfuil an seans ann go gcuirfear neart duine Gaeilge scéal amach go bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh 30% laistigh de 10 mbliana den státseirbhís agus den seirbhís poiblí obair a dhéanamh i nGaeigle agus i mBéarla. Agus mar sin ó thaobh na huimhríochta de agus sé an toradh céanna é, de réir mar thuigim thabharfadh 30% suas le 10% duit faoi cheann 10 mbliana. An bhfuil sé sin fíor? An mbeadh muid níos fearr a bheith ag rá go mba cheart go mbeadh 10% de sheirbhísígh poiblí inniúil ar an seirbhís a chur ar fáil sa dátheanga faoi cheann 10 mbliana seachas an figiúir eile mar feicim contúirt ann nua agus thiocfaidh mé aige i gceann soicind. Ba mhaith liom bhur dtuairim ar sin mar tá cur i láthair fíor-thábhachtach mar ní hamháin go bhfuil tú ag caint ar phobal na Gaeilge, caithfidh tú cuimhneamh is treise i bhfad an pobal eile. Sé an rud céanna é.

An cheist eile faoi seo ar fad ó thaobh fostaíochta de, an bhfuil gá go mbeadh scríofa san Acht nua córas caighdeáin neamhspleách ó thaobh céard a bheas inniúil ar obair a dhéanamh sa dá theanga go mbeadh sé scríofa síos agus nach mbeadh sé fágtha faoin gcóras poiblí a rá a bhfuilid inniúil nó nach bhfuil. Because má tá tú ag du lag tiomáint lorraí don stát ní féidir leis an státseirbhís a rá a bhuel ceapaim go bhfuil tusa sách maith ag tiomáint agus sure foghlaimeoidh tú de réir a chéile. Caithfidh duine teacht isteach leis an cheadúnas chuí. Agus is dóigh liom agus bhí i gceist díriú ar an gceist seo fadó go mbeidh an chéad chéim eile go gcaithfidh caighdeán neamhspleách a leagan síos, Ní chreidim agus tá taithí agam ar an obair seo, ní chreidim go bhfuil mórán tairbhe, tá tairbhe pearsanta ann ach ó thaobh seirbhísí de ard chaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge. Níl na cúrsa seo atá á chur ar fáil taobh istigh den seirbhís poiblí ag aistriú Béarlóirí isteach go daaoine dátheangach atá chomh compordach i nGaeilge is atá i mBéarla. Agus seo é an áit a bhfuil an laige mar is féidir leat dul ar an gcúrsa agus níl aon teastas uaidh ag a dheireadh agus ní córas an teastasú a bheadh sách ard is go bhféadfá a bheith cinnte go mbeadh an duine in ann an obair a dhéanamh sa dátheanga ar a gcompord. Agus mura bhfuil agus caithfidh mé a rá an-chreidiúint do na coimisinéirí ioncam bímíd á gcáineadh ach rud amháin go gcaithfidh mé a rá aon uair a d’úsáid mise agus actually úsáidim é de rogha ar an seirbhís ar an seirbhís Béarla fiú le rudaí nach mbaineann le, má tá fiosrúcháin agam. Mar tugaim faoi deara mar ghlaoim ar an uimhir faighim daoine an-deas, feictear dom go bhfuil caintiúintí Thír Chonaill ar a gcuid mhaith acu agus téann siad as a mbeallach uilig le bheith cuiditheach b’fhéidir dá nglaofainn ar an uimhir Béarla nach bhfaighfinn seirbhís leath chomh maith. Agus ar ndóigh seo é an rud faoi thairiscint agus faoi roghanna agus faoi chumas agus faoi so tá sé sin fíor thabhachtach. Ba mhaith liom bhur mbarúil ar sin mar an fiú dul ar aghaidh leis seo uilig go dtí go mbeidh na caighdeáin ann, ar ndóigh an gcaithfimid mar atá déanta in Ceanada tá caighdeán leagtha síos an gcaithfidh tú an caighdeánú agus an córas le faofadh a dhéanamh ar chumas daoine a chur sa gcéad áit anois céad chéim eile sa phróiseas.

Tá spéis agam sa méid atá le rá agaibh faoi Choimisinéir Teanga ar rogha na cáipéisí. Ach ar bhealach an rud seo ar fad faoi na cáipéisí is léiriú é ar chumas roinnt bheag daoine taobh istigh den chóras agus bí cinnte go dtáinig sé seo ón gcóras agus na meáin scéal cailleach an úafáis a dhéanamh. An manna seo whats the point in translating documents that people don’t read. Pointe maith agus tá pointe níos bunúsaí cé fáth iad a scríobh ar chur ar bith mar a bhfuil daoine á léamh.

Rinne mé suirbhé le gairrid chuir mé ceist na Dála síos agus is tógtha go bhfaca cuid aghaibh é ar TG4 é. Chuir mé ceist ar gach Roinn stáit cé mhéad a chaith siad ag aistriú cáipéisí ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile. Ar an gcéad dul síos bhí níos mó caite ag aistriú cáipéisí oifigiúla go teangacha eile ná mar a bhí caite go Gaeigle i stát gurb í an Ghaeilge an príomhteanga oifigiúla agus an dara rud a bhí thar a bheith spéisiúil den chaiteachas riaracháin, den chaiteachas riaracháin ba ionainn agus an méid a chaitheadh agus 0.03% . Now, caithfidh mé a rá agus ba mhaith liom bhur dtuairim ar seo ní dóigh liomsa más beartas poiblí é, is beartas poiblí é. Agus ní cheart do, an idea a bhí taobh thiar de sin ná pé cáipéisí na cáipéisí sin ar fad ní raibh aon ghá iad a aistriú bheadh sé indéanta ach d’ordaigh muid ceist achmhainne ach más polasaí de chuid eagraíochtaí an stáit. Bhí an argóint ann now ó thaobh an Choimisinéara ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil sibh i bhfábhair nach mbeidh gach beartas poiblí le naistriú fiú nach bhfuil aon chostas ag baint leis ar chor ar bith a dhéanadh aon difríocht , €300,000 a bhí ann don 15 de Ranna stáit nó 16 de Ranna stáit mar atá sé nó an bhfuil sibhse ag rá go mba cheart don Choimisinéir leagan síos go raibh cáipéisí eile chomh tábhachtach is go mba cheart iad a aistriú. Ach an bhfuil sib hag rá nach ceart go mbeadh gach beartas poiblí le naistriú. Ba mhaith liom bhur dtuairim ar sin.

An-spéis agam faoin méid atá le rá agaibh faoin mBreatain Bhear agus faoi Cheanada. Caithfidh mé a rá go gcreidim go mba cheart don choiste seo plé a dhéanamh le muintir na Breataine Bige faoin a bhfuil foghlatha acu. Mar tá cás Ceanada an-úsáideach ach beagáinín difriúil is teanga mó domhanda í an Fhraincis. Agus go mórmhór i dtaobh na scéimeanna aontaím go hiomlán caithfidh mé a rá leis an aicmiú seo bhí sé sin díreach ag tosú nuair a d’fhág mé an Roinn. Ach is cosúil go bhfágfadh sé sin go mbeadh aicmiú déanta ní raibh sé chun a bheith reachtaíochtach ach bhí sé ag dul a bheith déanta Roinn Talmhaíochta, Roinn Leasa Shóisialaigh agus mar sin de agus go mbeadh aicme ann dó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na Comhairlí Contae sna Contaetha Gaeltachta is go mbeadh rudaí áirithe go gcaithfidís a dhéanamh i bplean agus go mbeadh sé ráite leo caithfidh bhur bplean. Now b’fhéidir go mba cheart í sin a chur san Acht ba mhaith liom córas na Breataine Bige a fheiceáil sílim féin go gcaithfimid tuilleadh plé a dhéanamh faoi sin.

So, is dóigh an bun bun bun cheist atá agama ag deireadh an lae, an fiú dul ar aghaidh leis an bpróiseas seo mura bhfuil an tAire ag dul á athrú ó bhonn. In bhur dtuairim, ba mhaith liom bhur dtuairim, caithfidh an Coiste a n-intinn féin a dhéanamh suas ag an deireadh nó an mb’fhearr go ndéarfadh muid níl aon mhaith sa rud seo níl aon rud ann más theastaíonn uait 2 line Bille a thabhairt isteach maidir leis na hainmneacha agus seoltaí agus caithfidh mise i gcónaí go raibh cead agat d’ainm agus seoladh, níor úsáid mé ainm ó bhí méi mo ghasúir i mBaile Átha Cliath níor úsáid mé ainm ná seoladh i mBéarla agus ní úsáidfidh ach an oiread. Tá rudaí eile a chuireann as dom faoi cháipéisí le gairid mar shampla tá leagan amach ar na ríomhairí do sheoladh agus bíonn an rud seo baile. Ní chónaím-se i mbaile you know town mar a thugann siad ar i mBéarla bailechuinse, bailefearainn. Cónaímse i mbailefearainn ceart go leor ach ní i mbaile agus Mr agus Ms agus na rudaí seo agus gan Gaeilge ar bith orthu agus táidear ag éileamh rudaí craiceáilte ort. Níl aon teideal ormsa ach Eamon Ó Cuív. Ach ag fágáil sin i leath taobh d’fhéadfaí ní gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú le na leasuithe a bheith tairbheacha a dhéanamh anseo.

So ba mhaith liom a fháil amach céard iad na leasuithe práinneacha chun tairbhe anseo a chaithfí dul ar aghaidh leis agus in uaidh sin a chur i mBille beag is just iad a chur amach as an mbealach. B’fhéidir go bhféadfaimid i a dhéanamh i mBille príomháideach mé féin agus an Seanadóir Ó Clochartaigh agus an mb’fhearr ó thaobh an mórphictiúr gur seo leasú agus athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go ba é seo é. An mb’fhearr a rá leis an Aire, sorry no dice, tosaigh all over again agus scríobh Bille ceart nó ná bac leis

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.