Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

1:00 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Go raibh maith agat a Chathaoirligh. A Chathaoirligh, a Sheanadóirí, A Theachta Dála agus a chairde. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as an deis seo a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge lenár gcáineadh agus níos tábhachtaí ná sin ár moltaí le Bille na dTeangacha Oifigiúla leasú 2014 a chur os bhur gcomhair inniu. San áireamh sna moltaí a bheidh le déanamh agam beidh roinnt mhaith de na moltaí a chur an Conradh ar aghaidh mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ar an Acht dhá bhliain go leith ó shin. Is chomh maith leis sin beidh roinnt de na moltaí eile ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a bhí san áireamh san haighneachtaí san athbhreithniú chéanna.

Is fiú dom tagairt a dhéanamh ar dtús don athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i Mí na Samhna 2011. Mar is eol dúinn, bhí 1,466 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht curtha chuig an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta don athbhreithniú. As na céadta moladh déanta sna haighneachtaí ar fad ní raibh ach 60 moladh san áireamh san athchoimre ar na moltaí a leag an Roinn amach sa cháipéis oifigiúil a d’fhoilsigh siad i Mí Aibreáin 2014 le torthaí an athbhreithnithe. Is fiú aitheantas a thabhairt don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta as glacadh leis an moladh láidir gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chur isteach le hOifig an Ombudsmann. Ba iad an Rialtas áfach a chruthaigh an fhadhb seo an chéad lá riamh agus ní raibh sé ceart go raibh stocaireacht agus fachtasaíocht go raibh gá dúinn stocaireacht agus fachtasaíocht ar feadh breis is dhá bhliain le dul i bhfeidhm orthu faoin gceist seo. Dar ndóigh b’éigean do 10,000 duine dul ar sráideanna Baile Átha Cliath ar an 15ú lá ag Lá Mór Na Gaeilge agus 1,000 duine i gConamara ag Slán Le Seán ag an 23 Feabhra leis seo a chur ina luí ar an Rialtas. Maidir leis an athbhreithniú agus an 60 moladh sna torthaí oifigiúil den athbhreithniú as na céadta moladh a chuireadh chun cinn ag an pobal Gaeilge agus Gaeltachta níl ach 13 cheannteideal molta agus baineann ceannteideal 1,2,3,5,10,11 agus 12 le hathruithe teicniúla don chuid is mó nach mbaineann le moltaí a tháinig ón athbhreithniú. Níl ach sé fíor cheannteideal mar sin molta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta san athbhreithniú se oar fad a ghlac dhá bhliain go leith a chur le chéile. I gcás na 6 fíor cheannteideal sin molta mar sin sé tuairim an Chonartha gur lagú atá in ann don Acht le ceannteidil 4 agus 7, go bhféadfadh ceannteidil 6 agus 8 cuir leis an Acht má tá an fhoclaíocht sna leasuithe den Bhille láidir agus go mbeidh fiúntas le ceannteidil 9 agus 13 má tá an fhoclaíocht chuí láidir sa Bhille.

Déanfaidh mé cur síos níos cuimsithsí go luath ar na 6 fíor cheannteideal seo agus ar na moltaí ar fágadh ar láir a bhfuil géargá lena cur san áireamh sa Bhille.

Ar an iomlán, ní fhéadfaí a rá go athbhreithniú cuimsitheach atá i gceist san athbhreithniú seo. Níl ann i ndáiríre ach iarracht an tAcht a lagú agus cúpla moladh beag a glacadh leis an gcuma a chur ar an scéal gur éist an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta leis an bpobail agus na moltaí a rinne siad san athbhreithniú. Ach i ndáiríre bhí na céadta moladh ann agus níl ach idir 2 agus 4 moladh san áireamh sna ceannteidil go bhfuil an fhéidearacht ann go bhféadfadh maitheas a bheith leo. ‘Siad na moltaí is tábhachtaí gur gá a chur san áireamh sa Bhille nach bhfuil ann faoi láthair ná; 1. Go mbeadh foráil nua san Acht go mbeadh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fail trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile. 2. Go leasófar an reachtaíocht sa chaoi is go mbeadh oibligeáid ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 30% dá fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 bliana eile a bheith in ann cunarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge i scribhínn nó le post leictreonach. Labharfaidh mé arís faoi na moltaí seo níos déanaí.

Maidir le ceannteideal 4 agus cúrsaí aistriúcháin, is maith é go bhfanfaidh an ceangalas reatha faoi alt 10 (b), (c) agus (d) chun lion teoranta doiciméid sonraithe ar díol spéise poiblí iad a chur ar fail go dátheangach i.e. tuarascálacha bliantúla, cuntas bliaintiúil agus ráiteas stráitéise. Táimid buartha áfach nach mbeidh aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais poiblí aistrithe amach anseo, mar go bhfuil sé ag brath ar thuaraim an Aire reatha.

B’fhearr an cinneadh a fhágáil faoin gCoimisinéir Teanga atá neamhspleách ar an bpolaitíocht ar céard iad na beartais phoiblí gur chóir a aistriú don phobal Gaeilge agus Gaeltachta. Dar ndóigh ní fiú daoine a spreagadh agus a oiliúint le Gaeilge a úsáid mura mbíonn cáipéisí ann dóibh sa todhchaí le húsáid. So, cúpa moladh ábhar eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteidil nua. Ba chóir gach foirm chlóite nó leictreonach a baineann an pobal úsáid as a chur leis an liosta ag alt 10 (e). Ba chóir suíomhanna greasáin a chur leis an liosta ag alt 10 (f). Ba chóir na meáin shoisialta a chur leis an liosta ag alt 10 (g). Ba chóir rialachán a chur le halt 10 go mbeidh an Ghaeilge agus an Béarla in aon cháipéis nó foirm dátheangach taobh le taobh leis an teanga eile faoi aon chlúdach amháin. Réiteódh sé seo an fhadhb nach mbíonn foirmeaca Gaeilge ar fáil in oifigí stáit agus thabharfadh sé deis agus spreagadh don phobal ar fad foirmeacha a líonadh as Gaeilge más main leo. Ba chóir go mbeidh gach cáipéis corparáideach curtha ar fáil go leictreonach amháin. D’fhéadfadh na comhlachtaí poiblí nó na leabharlanna cóipeanna aonracha den cáipéis seo a chur i gcló ar ghnáth inneall printéara do aon duine gan teach tar ríomhaire. Sábháilfeadh sé seo a leithead de mholadh na milliúin Euro ar an stát gach bliain, mar gheall nach mbeadh orthu na milliúin cáipéis corparáideach a chur i gcló a thuilleadh.

Maidir le ceannteideal 7 agus tréimhse na scéimeanna teanga níor chóir dul ar aghaidh leis an leasú seo in aon chor níor chóir aon síneadh ama a thabhairt. Ó thosaigh córas na scéimeanna tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éiróidís níos láidre gach trí bliana. Moltar sa cheannteideal seo go sínfí an tréimhse go seacht mbliana rud a ligeadh do na Ranna Rialtais éagsúla a ndualgais a sheachaint .

Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó chuir san áireamh mar cheannteidil nua. Ba chóir fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeán bunaithe ar rialacháin reachtúla cosúil leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 alt (9) 2008 nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag.

Ba chóir go mbeadh sé riachtanach do aon scéim nó aon chóras caighdeán go mbeadh ar an gcóras caighdeán go mbeadh ar an gcomhlacht poiblí a bheith gníomhach i gcur in iúl don phobal na seirbhísí as Gaeilge atá ar fáil uathu.

Maidir le ceannteideal 6 agus inniúlacht sa Ghaeilge san earnáil phoiblí. Mar a dúirt mé níos luaithe, molann an Conradh go leasófar an reachtaíocht sa chaoi is go mbeidh oibligeáid ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 30% dá fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheith in ann cunarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge, i scríbhinn nó go le post leictreonach. Dá ndéanfaí an beart seo bheadh ciorriú ar an gcaiteachas ar sheirbhísí aistriúchán chomh maith. Ní haon rud aisteach é ag leagan céatadáin amach i reachtaíocht le fadhb a réiteach. Mar shampla tá leagtha amach do na páirtithe polaitiúla ag glacadh le maoiniú ón stát gur gá go mbeadh ceatadáin de 30% dá n-iarrathóirí sa chéad olltoghachán eile a bheith baineannach agus tá an céatadán sin le hardú go 40% i gceann 7 mbliana.

Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteideal nua. Ba chóir go mbeadh sé mar fhoráil nua san Achtgo mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile. Mar chuid de rialacháin nua san Acht ba cheart go mbeadh dualgas ar an bhfoireann a bhaineann tairbhe as oiliúint sa Ghaeilge seirbhísí i nGaeilge a thairiscint don phobal. Ba cheart go ndéanfaí foráil do chóras chun go mbeidh teastas aitheanta ar fáil a léireódh go cruinn cumas na mball foirne seirbhísí a sholáthair i dteangacha oifigiúla an stáit.

Maidir le ceannteideal 8 níl aon gá leis an tríú leasú mar níor chóir tréimhse na scéime a shíneadh go dtí seacht mbliana. Ba chóir an fhoclaíocht a láidriú sa dara alt chomh maith chun nach mbeidh aon lagú déanta ar aon scéim tríd scéim nuna a chur ina áit i.e. d’fhéadfaí seo a dhéanamh leis an fhoclaíocht seo a chur leis an alt. Ní chuirfear scéim níos laige in áit scéim reatha nó scéim imithe as feidhm.

Maidir le ceannteideal 9 agus úsáid leagan Gaeilge nó Béarla in animneacha agus seoltaí poist. Tá an moladh seo ró-lag. Caithfear teorainn ama a chur sa reachtaíocht i.e. go mbeidh ar gach córas san earnáil phoiblí a bheith réidh do úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge taobh istigh de trí bliana agus go ndéanfar socrú sealadach le haon saoránach ar iarraidh a ainm nó a sheoladh a úsáid as Gaeilge idir an dá linn. Chomh maith leis sin tá deis iontach anois leis an gcóras códphoist nua éircóid gur féidir dualgas a leagan ar gach comhlacht príobháideach agus poiblí an rogha a chur ar fáil do gach saoránach an leagan Gaeilge nó Béarla dá seoladh agus ainm a úsáid más mian leis/léi.

Maidir le ceannteideal 13 agus ag cur leis an sceideal do na grúpaí a thagann faoi choimirce an Achta. Aontaíonn muid leis an moladh seo. Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteideal nua. Sa chás go gceapann nó go ndeireann comhlacht poiblí cuideachta príomháideach nó gníomhaireacht de chineáil ar bith le feidhmiú thar cheann agus é ag deileáil leis an pobal ba chóir go mbeadh na dualgas céanna acu agus atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta poblí sin. Ar nós Dublin Bikes, nach féidir clárú arlíne trí Ghaeilge faoi láthair mar gur ghníomhaireacht éagsúil atá i mbun na hoibre sin. Ba chóir go dtiocfadh aon chomhlacht gur leis an stát é ina iomlán nó cuid de bainc, comhlachtaí leathstát srl san áireamh nó aon chomhlacht a fhaigheann ceadúnas ón stát le gníomhiú sa tír faoin Acht. Lasmuigh de na ceannteidil agus na moltaí d’aontaigh an Chonradh chun iad a láidriú tá roinnt mhaith moltaí eile gur chóir chur san áireamh sa Bhille nach bhfuil san áireamh sna ceannteidil.

Cuirim i gcuimhne nach bhfuil ach suas le ceithre moladh san áireamh sna ceannteidil ag teacht ó mholtaí pobal na Gaeilge agus Gaeltachta go bhfuil aon mhaith leo. San áireamh sna moltaí breise tá; ba chóir go mbeadh gach ainm comhlacht poiblí nua atá ag teacht ar an bhfód as Gaeilge agus úsáidte go poiblí as Gaeilge. Cuirfeadh sé seo go mór le stádas na Gaeilge gan aon chostas sa bhreis. Mar shampla bhí sé de cheart an teideal Uisce Éireann amháin a úsáid seachas Irish Water. Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt do Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá lógó comhlachta lárnach do íomhá an chomhlachta sin. Ba cheart deireadh a chur leis an éisceacht atá ar fáil le lógóanna comhlachtaí poiblí sna rialacháin agus féachaint chuige go mbeidh an Ghaeilge chomh feiceáileach ar gach lógó nua comhlachta poiblí feasta.

Maidir le híomhá na tire seo mar thír dhátheangach thar sáile ba chóir deireadh a chur leis an éisceacht a dhéanann deinmhniú comhlacht poiblí thar lear na hambasaidí, Coláiste na nGael sa Louváin agus eile. Ba chóir go mbeadh rialacháín ann maidir le fógraíochta mar shampla ba chóir go mbeadh 20% den fhógraíocht déanta ag comhlachtaí poiblí sna meáin déanta sna meáin Ghaeilge.

Ba chóir foráil a chur isteach go mbeidh ar chomhlachtaí lipéid ar earraí díolta in Éirinn a bheith i mBéarla agus i nGaeilge ar nós na foláireamh sláinte ar phacáistí tobac, ní chosnódh sé seo aonairgead ar an stát.

I dtithe an Oireachtais, ba chóir go mbeadh foráil ann ag leagan dualgais ar an Rialtas Billí a fhoilsiú go dátheangach. Ba chóir ath-eagar a chur ar na rannóga aistriúcháin chun an foráil seo a fheidhmiú. Ó tharla go bhfuil formhór na reachtaíochta ar fáil sna rialacháin a dhéantar de bhun Achtanna, ba chóir an reachtaíocht táinisteachta a fhoilsiú go dátheangach feasta.

Tá neart moltaí ag Conradh na Gaeilge bunaithe ar mholtaí ag teacht ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Tá cúis agus gá le gach ceann díobh. Chuir sé iontas orainn i ndiaidh próisis dhá bhliain go leith de athbhreithniú nach raibh ach suas le ceithre moladh ag teachct ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhféadfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Tá súil agam agus ag Conradh na Gaeilge go mbeidh an chomhchoiste Dála seo sásta glacadh lenár moltaí ar fad agus iad a chur ar aghaidh chun an Roinn chun a chur san áireamh i mBille Acht na dTeangacha Oifigiúla leasú 2014 sula bhfoilseofar é.

Tá an Conradh an-bhuíoch daoibh as an deis seo inniu ár moltaí a chur i bhur láthair agus as an tacaíocht leanúnach a thógann sibh do mhianta pobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.