Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

12:50 pm

Mr. Feargal Ó Cuilinn:

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí don Chomhchoiste beidh aththeagasc agus tuairisc an-gharraid agam. Thar cheann teaghlaigh atá ag tógáil a páistí le Gaeilge is mian liom ár mbuíochas a ghabháil leis an chomhchoiste seo as ucht an deis a thabhairt dúinn ár dtuairimí a roinnt leis an bhfochoiste ar leasú Bille na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé i gceist agam díriú go sonrach ar trí mhórghnéithe in san tuairisc ó bhéal seo. Sara glacadh le Acht na dTeangacha Oifigiúla bhí dea-thoil pobal na Gaeilge le brath maidir leis an gcur chuige nua seo de cheart pobail na Gaeilge agus Gaeltachta chun teacht ar sheirbhísí ón stát. Le fada an lá bhí ar saoránaigh na tire dul i dtoil na cúirte chun seirbhís chomhionann a fháil sa chéad teanga oifigiúil de réir alt a hocht de Bhunreacht na hÉireann. Gheall an Acht bealach nua chun an comhionannas sin a aimsiú ach caithfear a rá i bhfianise tuairiscí an iarChoimisinéir Teanga agus taithí pobal na Gaeilge i gcoitinne go bhfuil teipithe ar an Acht an chomhionannas sin a bhronnaadh ar shaoránaigh.

Tá cúlú ó fheidhmiú iomlán an Achta sa státchóras iarrachtaí leanúnacha ó Ranna stát dualgaisí faoin Acht a sheachaint nó a laghdú agus feictear dúinn i bhformhór na leasuithe atá molta anseo go ndéanfar an bonn a bhaint ón Acht féin.
Go deimhin féin, ó thaobh iarrachtaí tuistí freastal trí mheán na Gaeilge a fháil dá bpáistí ní fheictear dúinn go bhfuil aon feabhas ar na soláthair sin go mórmhór in san dá réimse atá lárnach i saol an teaghlach san chóras oideachais agus san chóras sláinte. Ní gá ach breathnú ar suíomh nua An Ghníomhaireacht Um Leanaí Agus Teaghlaigh chun neamhaird agus neamhshuim i leith tuistí agus páistí le Gaeilge a fheiscint. Is léiriú an-láidir an suíomh tusla.iear fíor thionachar Acht na dTeangacha agus meon stáitseirbhísigh. Is é an laige is mó a bhaineann le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla ná nach bhfuil sé de chumas ag an státchóras de bharr easpa inniúlacht sa Ghaeilge na seirbhísí a chur ar fáil in aon chor. Go minic i scéimeanna na gcomhlachtaí poiblí gealladh seirbhísí agus freastal gan na hacmhainní daonna a bheith ar fail chun freastal ar na cuairimí uaillmhianach a bhí luaite ar roinnt de sna scéimeanna. Leis na deacrachtaí eacnamaíochta a tháinig chun saol agus bac ar fhostaíocht freisin ba iad cearta saoránaigh an Ghaeilge a úsáid leis an státchóras ceann de sna chéad íospartaigh le tamall de bhlianta anuas. Tá sé raichtanach anois mar chuid de chóras earcaíochta agus ceapachán na gcomhlachtaí stáit agus poiblí gur díreofar ar an easpa ollmhór inniúlachta Gaeilge. Tá sé soiléir dúinn nach n-éireoidh leis an scéim phiolótach atá molta faoi láthair mar a dúirt an iarChoimisinéir Teanga tógfaidh sé 28 bliain méadú ó 1.5% go 3% sa Roinn Oideachais faoin gcóras molta. Pé dea-thoil atá ann agus pé dóchas atá ann do shaoránaigh le Gaeilge, caillfear é agus iad ag fanacht beagnach tríocha bliain eile do sheirbhís Gaeilge ón Roinn Oideachais.
Tá muid ag moladh go leasófar an reachtaíocht sa chaoi go mbeidh oibligeáid ar chomhlachtaí poiblí 30% de fhostaithe nua, don chéad 10 mbliain eile a bheidh in ann cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gceachtar den dá theanga oifigiúil. Maidir le moltaí do na scéimeanna iad féin agus táim ag trácht go mór ar cheannteideal a seacht, molaimid go láidir gan tréimhse na scéime a mhéadú ó trí go dtí seacht mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna tá siad lag agus cé go dúradh go mbeidh na scéimeanna ag treisiú thar tréimhse ama is a mhallairt atá tarluithe. Mar shampla mar a chonaiceamar i 2012, nuair a thug an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta cead don Roinn Dlí agus Cirt gealltanas reachtúil a chur ar ceal agus a bhaint ón scéim acu siúd. Léiríonn seo an treo ina bhfuil á chaitheamh le scéimeanna faoin Acht sa státchóras agus mar chuid den athbhreithniú seo gurbh fhiú breathnú ar chur chuige éagsúil seachas na scéimeanna a ládródh in ionad laghdú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge sa státchóras agus a chinnteódh seirbhís de ardchaighdeán don saoránach.
I saolré an Achta, ba é an ábhar is mó conspóide agus b’fhéidir le ana-bhunús aneolas ann chomh maith, ná an cheist ar chápéisí a bhaineann le beartais poiblí agus costas aistriúcháin a théann leo. Níl aon dabht ach gur tharraing an chonspóid seo drocháird ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus freisin gur úsáideadh na costais aistriúcháin mar armlóin ionsaithe ar chearta pobail na Gaeilge. Ach maidir le leasú alt (10) (A) ceannteideal a ceathair molaimidne gurb í Oifig an Choimisinéara ar a bheadh an cinneadh fágtha ar cad iad na cáipéisí agus cad iad na beartais poiblí gur gá a chur ar fail sa dátheanga oifigiúil. Cinnte is é an moladh is ciallmhaire agus an deachleachtas idirnáisiúnta maidir le foirmeacha poiblí atá in úsáid ag pobal na tire ná go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh in aon cháipéis nó in aon fhoirm dhátheangach taobh istigh den aon clúdach amháin. Agus tá mé ag tnúth go mór bhur ceisteanna a fhreagairt níos déanaí. Go raibh mile maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.