Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

12:30 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Seans go bhfuil ocras ar na finnéithe ar fad. Mar sin, cuirfidh muid clabhsúr anois leis an díospóireacht don seisiún seo. Ba mhaith liom ár mbuíochas a chur in iúl dóibh. Bhí siad thar a bheith cabhrach anseo inniu. Tá géarghá le sin, mar séard atá muid ag iarraidh a dhéanamh ná neart a thaispeáint trí bheith ag obair le chéile.

Tuairim amháin, tá an-chuid ábhair tábhachtacha pléite againn anseo inniu, ach chomh maith le seirbhísí a bheith curtha ar fáil, tá sé an-thábhachtach go ndéantar fógraíocht ar na seirbhísí sin. Ní hamháin go gcaithfimid fógraíocht a dhéanamh, caithfimid daoine a spreagadh chun na seirbhísí sin a úsáid. I rith samhradh na bliana seo caite ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire Cholmcille thug mé rud faoi deara a raibh mé an-tógtha leis. Bhí fógra ag na póilíní, an PSNI, go raibh grúpa póilíní ar fáil chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní hamháin go raibh fógraí ann, foilsíodh an tseirbhís seo sna meáin chomh maith. Mar sin, bhí a fhios ag daoine ní hamháin go raibh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, ach go raibh fonn ar na póilíní é sin a dhéanamh. Uaireanta nuair a bhíonn seirbhís ar fáil, ní bhíonn duine ró-chinnte an bhfuil fáilte roimhe nó nach bhfuil. Chualamar na scéalta faoi na hoifigí poist agus mar sin de. Tá sé tábhachtach fógraíocht a dhéanamh ar ghach seirbhís.

Arís, gabhaim buíochas leis na finnéithe. Beidh roinnt mhaith grúpaí eile istigh linn inniu. Tá súil agam go dtiocfaidh maitheas as na ceisteanna agus na freagraí a bhí le cloisint anseo inniu. Rud amháin atá cinnte, tá dea-thoil iontach ann i láthair na huaire i measc an phobail don Ghaeilge. Caithfimid ní hamháin an dea-thoil sin a chosaint ach í a chothú agus seirbhísí a chur ar fáil. Dá bh'féadfadh muid obair le chéile, d'fhéadfaimis cur leis an méid atá déanta go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.