Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

12:20 pm

Mr. Rónán Ó Dómhnaill:

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do ceisteanna a cuireadh faoin Acht go ginearálta. Luaigh an Seanadóir an cheist faoi value for money. Ní easaontaím le sin beag nó mór. Ní dóigh liom ach an oiread go n-easaontaíonn lucht labhartha na Gaeilge, taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, leis an gcuspóir sin - go mbeadh value for money ann. Maidir leis na moltaí atáimse ag déanamh anseo inniu, ní bheadh costas breise leo, nó fíor bheagán. B'fhiú a lua chomh maith, maidir le aistriú cháipéisí agus go gcosnaíonn seo os cionn €450,000 ar aistriú, gur léirigh an freagra Dála céanna gur mó airgead a chaitear ag aistriú cháipéisí ó Bhéarla go theangacha eile, seachas an Ghaeilge ná don Ghaeilge fhéin.

Tháinig roinnt nithe eile chun cinn chomh maith. D'ardaigh an Teachta Tóibín ceist faoi chóras chúitimh. Maidir leis an gcóras atá againn in Oifig an Choimisinéara Teanga faoi láthair, déileáileann muid le casaoid agus ansin déanann muid imscrúdú, má thagann sé chuige sin, i bhfíor annamh cásanna. Ina dhiaidh sin, foilsítear torthaí an imscrúduithe sin i dtuarascáil bhliaintiúil Oifig an Choimisinéara Teanga. Ceann de na moltaí atá ann faoi láthair dar ndóigh ná go bhfoilseofar an tuarascáil sin agus na cuntais ag an am céanna. Ceann de na rudaí a d'fhéadfadh tarlú dá bharr sin ná go mbeadh an tuarascáil bhliaintiúil á fhoilsiú níos deireannaí sa mbliain seachas níos luaithe sa mbliain. D'ardaigh an tAcadamh an cheist faoi seo, faoin tráthúlacht a bhainfeadh le sin. Mar shampla, i dtaobh an gcóras chúitimh, dá ndéanfadh muid imscrúdú i mí Feabhra 2014, go mb'fhéidir nach mbeadh an toradh ar sin le feiceáil sa tuarascaíl bhliaintiúil go dtí mí Dheireadh Fómhair 2015, mar gheall go gcaithfeadh muid fanacht go mbeadh na cuntais faofa ag an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Ina theannta sin, córas cúitimh eile atá againn ná tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Thithe an Oireachtais. Ansin, d'fhéadfadh coiste Oireachtais iad siúd a bhí faoi imscrúdú a thabhairt isteach. Ní fiú beagán a dhéanamh dhó sin ach an oiread. Níor chodail mise ró-mhaith ar aon nós ag cuimhneamh ar theacht isteach anseo inniu. Is maith é go bhfuil sin ann agus gur féidir daoine a ghlaoch isteach. Is fiú tabhairt faoi deara go bhfuil scéim cúitimh luaite sa reachtaíocht, ach níl sin curtha feidhmithe fós.

Ábhar amáin eile a tháinig chun cinn ná an cheist faoi ainmneacha agus seolta a bheith in úsáid i nGaeilge. Saghas lúb ar lár atá ansin ar bhealach, nach bhfuil sé sin in aon reachtaíocht cheana. An moladh a bheadh againn faoi shin, moladh a chuir muid ar aghaidh i 2011, ná go mbeadh seo sa reachtaíocht. An léamh atá agamsa ar seo faoi láthair, ná go socródh na comhlachtaí poiblí cén uair go mbeidh siad in ann é seo a dhéanamh. An moladh a bheadh againn ná go luadh an tAire, an Roinn nó an Rialtas dáta agus go ndéarfadh siad leo go gcaithfeadh sé a bheith i bhfeidhm faoin am sin.

Ansin, dá mbeadh deacracht ag na comhlachtaí poiblí ina dhiaidh sin, d'fhéadfaidís díolúine a lorg. Ach ba cheart go mbeadh dáta sonrach leagtha síos le sin a theacht i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.