Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

12:20 pm

Dr. Peadar Ó Flatharta:

Sílim go mbeadh sé díchéillí againn a bheith ag argóint faoi na blianta seo. An t-aon argóint a rinne muide maidir le líon blianta don scéim ná go gcothódh sé deacrachtaí monatóireachta de réir an chórais atá leagtha síos ag Oifig an Choimisinéara Teanga dé sínfí an tréimhse go dtí seacht mbliana. Ní chloisim éinne i bhfábhar an mholaidh sin, go sínfí go seacht mbliana é.

Sílim go gcaithfidh muid níos mó machnaimh a dhéanamh ar chur chuige na scéimeanna go bunúsach. An bhfuil muid chun leanúint leis na scéimeanna mar atá? Is cosúil gur sin an moladh ag teacht ón Rialtas. Má bhreathnaíonn muid ar na scéimeanna mar atá siad leagtha amach san Acht, is deacair locht a fháil orthu, ach is é an áit a bhfuil an locht ná nuair a thosaítear á bhfeidhmiú. Caithfidh an tiomantas le feidhmiú na scéimeanna a theacht ón Státchóras féin nó ón gcóras polaitíochta, rud atá easnamhach ar fad maidir le cúrsaí reachtaíochta de. Mar sin, táimid ag dul isteach i réimse dlí bog de chineál éigin, mar a dhéantar go minic leis na cineálacha cearta seo nach bhfuil daoine ag iarraidh a thabhairt uathu.

Mar sin, in áit dul ar aghaidh lom lár isteach ag leanúint le córas na scéimeanna, mar gheall go dtógann sin go leor achmhainní, feicim go bhfuil an dá thaobh - an dream atá ag iarraidh scéime a aontú agus an dream atá ag iarraidh scéime a chur i bhfeidhm - ag brath ar an gcóras Stáit le hiad a thiomáint agus ar an gcóras polaitíochta le hiad a thiomáint. Mar sin, ba cheart ath-mhacnamh a dhéanamh orthu. Ba cheart an rud atá déanta ag an mBreatain Bheag a scrúdú go géar, ag féachaint cén fáth gur imigh siadsan ó na scéimeanna agus cén fáth an bhfuil siad imithe i dtreo caighdeán.

Tá go leor rudaí atá tagtha chun cinn anseo gur féidir a fhreagairt go héasca, mar adúirt Lisa Ní Fhlatharta, faoi na caighdeáin teanga agus mar sin. Tá siad sin coitianta ar fud na hEorpa ar fad. Fiú, tá neart samplaí ar fud na hEorpa, mar shampla smaoiním ar an cheantar riaracháin atá idir An Iodáil agus An Ghearmáin, áit a bhfuil an dá theanga, an Iodáilis agus an Ghearmáinis ann. Tá teastas dhátheangach acu siúd dírithe ar an tseirbhís phoiblí sa réigiún sin. Caithfidh duine an teastas sin a fháil sular féidir dul ag obair sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, tá neart samplaí de na rudaí sin. Ní theastaíonn aon Einstein uainn le na rudaí seo a oibriú amach. Tá siad oibrithe amach in áiteanna éagsúla ar fud an domhain cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.