Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

12:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na toscairí go léir as an gcur i láthair agus as an saineolas a thug siad dúinn. Aontaím leis an gCoimisinéir Teanga go huile agus go hiomlán, go gcaithfí go mbeidh prionsabail lárnach san Acht as seo amach maidir le caighdeán Gaeilge sna heagraíochtaí poiblí. I mo thuairim, tá na scéimeanna teanga briste. Téim i dteagmháil leis na heagraíochtaí Stáit ach ní féidir liom a rá go bhfuil aon eagraíocht díobh ag obair i gceart. Má roghnaíonn duine iarracht a dhéanamh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ní bhíonn aon duine ar an dtaobh eile le Gaeilge ag an am. Bíonn ar dhuine teachtaireacht a fhágáil agus ní thagann duine ar ais chuige go ceann seachaine nó mar sin. Faoin am sin, bíonn an gnó déanta le duine éigin eile trí Bhéarla. Níl gnáth daoine sásta an iarracht sin a dhéanamh arís agus arís eile agus géillíonn siad mar ní féidir leo leanúint mar sin leis an fhadhb go brách. Bheadh na daoine seo sásta dul i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga uair nó dhó, ach níl siad chun sin a dhéanamh arís agus arís eile.

Labhair muid faoi seo ar maidin agus dúirt muid go bhfuil gá le córas cúitimh. Chaithfí pionós a bheith ann - three strikes and you are out, nó rud éigin mar sin - chun go mbeidh brú ar na heagraíochtaí soláthar a dhéanamh. Tá taithí agam maidir leis an OPW, mar cuireann an t-eagras sin comharthaí suas thar timpeall na tíre. Ar dtús, bíonn na comharthaí ar fad i mBéarla. Téim i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga faoi sin agus athraíonn an OPW na comharthaí agus cuireann siad suas comharthaí dhátheangach, ach trí mhí ina dhiaidh sin cad a dheineann an OPW ach comharthaí eile a chur suas i mBéarla amháin. Éiríonn daoine bréan de bheith ag dul i dtóir orthu ansin. Is léir, mar sin, nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair ag oibriú.

Freisin, ní chlúdaíonn an tAcht atá againn gach eagraíocht Stáit ar chor ar bith. Ba chóir go mba é an default go mbeadh an brú nó an caighdeán céanna ag baint le haon eagraíocht Stáit a mbíonn i dteagmháil le daoine maidir le dul i dteagmháil le daoine atá ag iarraidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. An bhfuil aon smaoineamh ag na finnéithe anseo maidir le córas cúitimh? Faoi láthair, ní thagann comharthaí bóthar faoin Acht. An gceapann na finnéithe gur ceart go gclúdódh an tAcht na comharthaí bóthar?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.