Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

12:00 pm

Mr. Rónán Ó Dómhnaill:

Labharfaidh mise faoi cheist na scéimeanna teanga agus faoi an bhfuil siad ag oibriú. Ón méid atá feicthe agam ó thosaigh mé sa bpost seo feicim gur mó tionchar i bhfad a bhíonn ag rud a bhíonn leagtha síos i reachtaíocht seachas i scéim teanga ar chomhlachtaí phoiblí, mar shampla, rudaí ar nós comharthaíocht, fógraíocht, an Ghaeilge a úsáid san Oireachtas agus na cúirteanna agus mar sin de. Is mó an tionchar a bhíonn ag an reachtaíocht ar chomhlachtaí poiblí agus feicim go bhfuil tuiscint níos fearr ag na comhlachtaí poiblí faoi na dualgais atá orthu maidir leis an reachtaíocht seachas scéimeanna teanga. Maidir leis an bpobal, feicim gur mó tuiscint atá ag an bpobal faoi chéard atá leagtha amach sa reachtaíocht seachas i scéim teanga agus nach dtuigeann siad cad iad na dualgais atá ar na heagraíochtaí nó na comhlachtaí poiblí éagsúla faoi na scéimeanna teanga. Tá doiléireacht agus éiginnteacht ag baint le sin.

An rud is mó atá tugtha faoi ndeara agam ná go bhfuil muid - na heagraíochtaí ar fad atá anseo - ar aon intinn faoi seo, go mba ceart athrú ó bhun a dhéanamh ar sin agus seachas a bheith ag brath ar na scéimeanna teanga, go mba ceart bheith ag brath ar an reachtaíocht. Táimid ar fad aontaithe gur reachtaíocht ceannródaíoch a bhí ann deich mbliana ó shin, ach nach bhfuil sé gan locht agus gur féidir leasuithe fiúntacha a dhéanamh. Tuigeann muid go bhfuil lochtanna ar chóras na scéimeanna teanga, go bhfuil fadhbanna maidir le hiad a chur i bhfeidhm agus a dhaingniú. De bharr sin, táimid aontaithe, anseo ar aon nós, go mba ceart níos mó a bheith sa reachtaíocht ó thaobh dualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí seachas i scéimeanna teanga.

Tagann seo ar ais chuig pointe a bhí agam i m'óráid, go mba ceart prionsabail soiléir a leagan amach sa reachtaíocht. Cuideoidh na scéimeanna teanga le lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre, ach ba ceart go mbeadh prionsabal leagtha síos freisin maidir leis an Ghaeltacht - go mbeadh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh iontu agus go mbeadh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go compórdach le daoine sa Ghaeltacht, go háirithe oifigigh lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht. Ba chóir go ndéanfaí é seo sa reachtaíocht ar bhonn rialacháin agus ba cheart sin a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.