Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

11:20 am

Mr. Liam Ó Maolmhichíl:

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, an deis seo a thabhairt dúinn an chur i láthair a dhéanamh chomh maith. Agus ar dtús ba mhaith liom na daoine atá in aice liom agus in éineacht liom a chur i láthair chomh maith, Ferdia Mac an Fhailigh an Príomhfheidhmeannach den Fhoras, Seán Ó Chuinn an leasphríomh fheidhmeannach agus Eamon Ó hAragáin an striúrthóir seirbhísí forbartha. Agus do bhí sé i gceist againn agus tá sé sa pháipéar a chuireadh in bhur láthair an cúlra den fhoras a thabhairt agus chomh maith leis sin na feidhmeanna reachtúla atá ag an bhForas. Níl sé i gceist agam an chuid sin de a léamh inniu ach ba mhaith liom dul ar aghaidh go dtí na príomh chúramaí atá orainn mar a fheicimid iad. Agus ar dtús ba mhaith liom a rá go ndéanfaimid ár ndícheall cabhrú le cur i bhfeidhm an Achta na dTeangacha Oifigiúla agus An Straitéis 20 Bliain agus tá sé sin ráite againn arís agus arís eile.
Dé réir na reachtaíochta faoin a fheidhmíonn Foras na Gaeilge tá ocht gcinn de eagraíochtaí a chuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil dóibh agus cuirimid an bunmhaoiniú ar fáil do 11 eagraíochtaí eile lena chois sin. Ar na tionscadail is mó atá againn i bhForas na Gaeilge faoi láthair áirím athstruchtúrú ar an earnáil bunmhaoinithe seo. Agus tá fhios ag an tsaoil go bhfuil sé sin ar siúl le tamall.
Nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999 aistríodh cúram na n-eagras Gaeilge a bhí ag fáil maoinithe ón stát sa dá dhlínse chuig Foras na Gaeilge. Ciallaíonn sin gur fágadh ocht gcinn déag de na naoi gcinn déag de eagrais bunmhaoinithe atá ann ag Foras na Gaeilge le huacht. An taon eagras úr atá againn ná Raidió Fáilte a chuireann seirbhís raidió pobail ar fáil do phobal na Gaeilge i mBéal Feiriste. Ar an tarna lá de Nollaig 2009 do thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas treoir do Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an earnáil bunmhaoinithe agus i Mí Iúil 2013 do thug an Chomhairle Aireachta faofadh don mholadh a rinne Foras na Gaeilge maidir le sé cheann eagraíocht a bheith i gceannas ar sé mhór réimse straitéiseacha. Agus siad na réimsí san ná, Gaeloideachas agus tumoideachas agus réamhscolaíocht lán Ghaeilge, uimhir a dó oideachas in earnáil an Bhéarla agus do aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile, uimhir a trí forbairt phobail agus eacnamaíochta, uimhir a ceathair deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú greasáin, uimhir 5 ardú feasachta, cosaint teanga, agus ionadaíocht agus uimhir a sé forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge agus greasán do dhaoine óga.
Chomh maith leis sin, moladh scéim raidió pobal a fhógairt agus maoiniú a chur ar fáil don áisaonad lán Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Naomh Mhuire i mBéal Feiriste le háiseanna teagaisc agus foghlama a chur ar fáil d’earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh. Tá an moladh faoi na sé ceann eagraíochtaí bunaithe ar chur chun cinn na comhpháirtíochta ag súil go mbeidh na ceann eagraíochtaí agus Foras na Gaeilge ag obair go dlúth lena chéile leis an teanga a chur chun cinn agus ráiteas físe Fhoras na Gaeilge a chur chun cinn chomh maith. Sin an Ghaeilge a bheith neadaithe agus normáilithe i measc na mórphobail agus feasacht fhorleathan a bheith ar shaíocht na Gaeilge.
Chomh maith leis na moltaí thuas, aontaíodh ar dhá foram a bheith ann an chéad cheann an foram comhpháirtíochta chomhdhéanta de na sé ceann eagraíochtaí, cathaoirleach an fhoraim forbartha teanga agus foram na Gaeilge sé an aidhm atá leis an fhoram ná dlús a chur leis an chomhoibriú agus leis an chomhpháirtíocht. An tarna cheann ná foram forbartha teanga, chomhdhéanta de dhaoine atá iondaíocht ar phobal na Gaeilge ar fud an oileáin agus atá ag fáil maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Sé an aidhm atá leis an fhoram seo ná thionchar an phobail ar na pleananna agus ar na ceann eagraíochtaí agus ar fheidhmiú na bpleananna sin agus moltaí a chur faoi bhráid an fhoraim chomhpháirtíochta.
Nuair a ghlac an Chomhairle Aireachta leis na moltaí a chur Foras na Gaeilge chun cinn i ngach réimse, siad na grúpaí a roghnaíodh ná: na Gaelscoileanna uimhir a haon le gaeloideachas agus tumoideachas agus réamhscolaíocht a chur chun cinn. Gael linn le earnáil oideachais an Bhéarla agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile, Glór na nGael le forbairt phobail agus eacnamaíochta , Oireachtas na Gaeigle le deiseanna a thacaíonn le úsáid na Gaeilge agus le bunú greasáin. Conradh na Gaeilge le ordú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht agus Cumann na bhFiann le forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge agus greasáin do dhaoine óga. Tá an scéim raidió phobail fógratha agus measúnú ar siúl ar na hiarratais faoi láthair. Tá plé ar siúl leis an áisaonad maidir le leanúint de bheith ag soláthair áiseanna i mBéal Feiriste. Tá plé ar siúl leis na ceann eagraíochtaí maidir le buiséad agus sceideal fostaíochta i ngach ceann ar leith.
Chomh maith le maoiniú a chur ar fáil do na ceann eagraíochtaí seo sampla agus ní liosta iomlán cuimsitheach de obair a dhéanann Foras na Gaeilge leis na cúraimí atá ar an eagraíocht a chomhlíonadh agus leis an teanga a chur chun tosagh. Tá an obair ar fad a dhéann Foras na Gaeilge dírithe ar an ráiteas misin ag Foras na Gaeilge, mar a dúireas cheanna, úsáid sa saol laethiúil a mhéadú agus a normáiliú agus saíocht na Gaeilge a chur i láthair an tsaoil. Agus dá réir dírithe ar forsprioc na straitéise Gaeilge sin 200,000 cainteoirí Gaeilge a bheith ann faoi 2030. Tá foclóir nua Béarla Gaeilge á fhorbairt. Do sheol Uachtarán na hÉireann Micheal D an leagan leictreonach in Éanáir 2013 agus faoi láthair tá 58,000 aonad céile ar an suíomh agus faoi deireadh Mí na Samhna 2015 beidh leagan leictreonach iomlán den fhoclóir ar fáil ina mbeidh 130,000 aonad céile. Faoi dheireadh Mhí an Mheithimh i mbliana beidh 74,000 aonad céile ar an suíomh agus anuas ar seo tá an suíomh ar fáil. Sin leagan digiteach incuairte do fhoclóir de Bhaldraithe agus de fholóir Uí Dhónaill.
Tá forbairt leanúnach á dhéanamh ar www an bunachar náisiúnta téarmaíochta ar le Foras na Gaeilge é. Tá 168,000 téarmaí Gaeilge ar fáil Béarla ar an suíomh agus táimid ag cur leis i gcónaí. Déantar níos mó ná milliúin cuardach sa mhí go rialta ar an suíomh seo.
Faoi Scéim Phobail Ghaeilge tá maoiniú á chur ar fáil do 19 de Oifigeach Forbartha ag obair le plean aontaithe a chur i bhfeidhm ina gceantair féin. Tá Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na n-Imeachtaí Óige ann le deis a thabhairt do dhaoine óga agus os cionn 5,000 duine idir an dá scéim an teanga a úsáid ag imeachtaí spraoiúla taobh amuigh den seomra ranga. Tá Scéim na gCompleachtaí Drámaíochta ann le deis a thabhairt do lucht dramaíochta léirithe i nGaeilge a chur ar fáil. Tá Scéim na bhFéilte ann le maoiniú a chur ar fáil do imeachtaí Gaeilge ag féiltí éagsúla ar fud an oileáin.
Tá uirlisí aistriúcháin agus treanála mar aon le séala do aistreoirí agus do eagraitheoirí forbartha agus i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge . Cuireann An Gúm téacsleabhair cosúil le Séidean Sí ar fáil chun áiseanna foghlama agus teagaisc a bheith ar fáil do earnáil na Gaelscolaíochta, Trí Chlár na Leabhar Gaeilge cuirtear tacaíochta ar fáil do fhoilsitheoirí na Gaeilge os cionn €700,000 do 18 gcomplacht agus ríarann siad an Scéim Scríobh Leabhair atá dírithe ar dhaltaí bunscoile a chur ag scríobh agus ag léamh. Tríd na Scéimeanna Colmcille tógtar naisc idir phobail na Gaeilge in Éirinn agus pobail na Gaelic in Albain. Déanann Áis leabhair Ghaeilge a dháileadh agus tá siad ag brath Scéim na Margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge a fhógairt go luath.

Rinne Foras na Gaeilge taighde uile oileáin i Mí Deireadh Fómhair agus Mí na Samhna 2013 agus léiríonn na luath-thorthaí go bhfuil bá an phobail go fóil láidir ó thaobh na teanga de 77 gcinn ó dheas agus 45 ó thuaidh sásta leis an teanga. Léiríonn an taighde chomh maith go bhfuil méadú tagtha ar lion na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethiúil nó go seachtainiúil 13 ó dheas agus 12 ó thuaidh. Chomh maith leis seo tá cúpla rud nua ag teacht, tá conradh dár luach níos mó ná milliúin thar ceithre bliana fógraithe ar na mallaibh le nuachtáin ar line a fhoilisiú a bheidh ar fáil saor in aisce ag pobail na Gaeilge. Beidh fógra ann an tseachtain seo ar chonradh dár luach €240,000 thar trí bliana le hiris stíl mhareachtála arlíne a chur ar fáil saor in aisce. Beidh fógra san fhómhair maidir le hiris níos troime a fhoilisiú thar trí bliana. Sé an aidhm leis an tionscadal se oar fad ná scéimeanna Clár na Leabhar Gaeilge agus Scríobh na Gaeilge a chothú. Beidh an dá iris ag mealladh agus ag cothú pobail leitheoireachta agus ag an am céanna ag cothú iriseoireacht na Gaeilge. Táimid ag obair ar striatéis leitheoireachta do Fhoras na Gaeilge le cur le líon na leitheoirí a léieann ábhar i nGaeilge. Chomh maith leis sin, tá plé ar siúl le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líónraí Gaeilge. Tá súil againn i bhForas na Gaeigle Scéim le haghaidh líonraí Gaeilge a fhógairt san Fhómhair.

Faoi láthair tá oifigí ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feiriste, i Rath Chairn a fuair muid nuair a haistríodh Bord na Leabhar Gaeilge chuig an Fhoras agus i nGaoth Dobhair a osclaíodh i Mí Meán Fómhair 2010 faoin chlár díláraithe. Ba mhór an ónóir dúinn cuireadh a fháil labhairt leis an gComhchoiste inniu agus beidh áthas orainn aon cheist atá agaibh a fhreagairt go raibh mile maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.