Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

11:05 am

Mr. Rónán Ó Dómhnaill:

A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí, is cúis áthais dom a bheith anseo i bhur dteannta ar maidin den chéad uair mar Choimisinéir Teanga. Tá cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le tamall anuas agus tá áthas orm go bhfuil deis ag an gcoiste seo plé a dhéanamh ar an gceist i gcomhthéacs phríomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a chur in iúl don chéad Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, as an gcabhair agus an tacaíocht a chuir sé ar fáil dom ó ainmníodh mé mar Choimisinéir Teanga. Ní miste dom an méid sin a chur ar thaifead Thithe an Oireachtais agus, go deimhin, go n-aithneofaí an obair cheannródaíochta a rinne sé le linn a thréimhse mar an chéad Coimisinéir Teanga.

Tá beagán le cois dhá mhí caite ó bronnadh an onóir ormsa tabhairt faoin bpost seo. Cé go bhfuil mé go fóill ag socrú isteach i mo ról nua, tugann cinntí suntasacha atá glactha sa tréimhse sin ugach dom agus mé ag dul i mbun mo chuid cúraímí. Fáiltím go mór roimh chinneadh an Rialtais gan leanúint leis an gcónascadh a bhí beartaithe idir m'oifigse agus Oifig an Ombudsman. Is cinneadh stuama ciallmhar é an cinneadh seo a ghlanann an scamall a bhain le todhchaí na hoifige.

Cinntíonn sé go leanfaidh oifig an Choimisineara teanga orthu ag feidhmiú mar eagraíocht iomlán neamhspleach agus í ag tabhairt cosaint do cheartna teanta phobail na tire seo.

In imeacht na mblianta d’éirigh le mo oifig tionchar suntasach a imirt ar eagraíochtaí stáit agus í ag cinntiú go bhfaigheadh saoránaigh na cearta teanga agus na seirbhísí a bhí ag dul dóibh faoi dhlí na tire seo. Ní féidir le haon oifig stáit ar nós mo oifigse feidhmiú go heifeachtach gan foireann leis an leibhéal údaráis chuí agus leis na scileanna oiriúnacha, Tugann sé sástacht dom mar sin go bhfuil cead faighte ag an oifig anois an follúntas a bhí ag an leibheal stiúrthóireachta le os cionn dhá bhliain anuas a líonadh. Is céim chun cinn í seo agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Aire Stáit na Gaeltachta agus a Roinn as an gcomhoibriú atá curtha ar fáil dom ó chuaigh mé i mbun mo chuid cuairimí.

Mar cheann de heagraíochtaí stáit is lú a fhaigheann maoiniú ón statchiste creidim nach bhfuil an leibhéal barr mhaitheasa foirne bainte amach ag mo oifig go foil, ach tá súil agam le himeacht ama agus má thagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta go mbainfear amach an sprioc sin.

Sé an phríomh chúis gur tugadh cuireadh domsa teacht i bhur láthair inniu ná labhairt faoi Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla atá foilsithe ag an Rialtas. Cé gur ndearnadh leasaithe ar fhorfáileaca éagsúla de chuid an Acht roimhe seo s’iad seo na céad mhór leasaithe atá á mholadh a dhéanamh aar an Acht agus an chéad uair in imeacht deich mbliana a rinneadh athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta. Eascraíonn an t-athbhreithniú seo as gealltanas a tugadh i gclár an Rialtais go ndeanfaí athbhreithbniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an dteanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforcchuirtear dualgas go chuí de réir éilimh ó shaoránaigh. Ní easaontaímse leis an gcuspóir sin agus luíonn sé le reasúin go ndeanfaí athbhreithniú ar phíosa úr nua reachtaíochta tar éis do bheith ag feidhmíú ar feadh tamaill de bhlianta. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil pobal líonmhar sa tír se ar mian leo a gcaidrimh a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge. Tá an pobal seo scaipithe fud fad na tire agus é de cheart acu go gcaithfí go chóir leo agus iad ag lorg bunseirbhísí riachtanacha in a dteanga féin céad teanga oifigiúil na tire seo.

Anois agus an t-athbhreithniú seo a thabhairt go dtí céim na reachtaíochta, ní cheart go ligfí i ndearmad bunchuspóir an Achta, sé sin an Ghaeilge a chur chun tosaigh chun críoch oifigiúil sa Stát. Ba phíosa reachtaíochta ceannródaíoch a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus é múnlaithe ar reachtaíocht teanga a bhí in úsáid i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag. Tá an deis anois ann leas a bhaint as na ceachtanna atá foghlamtha againn le blianta beaga anuas ag cinntiú go dtiocfadh an tAcht leasaithe chun sochar na ndaoine sin ar mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Sát trí Ghaeilge. Má tá aon ní foghlamtha again le deich mbliana anuas sé sin nach féidir le reachtaíocht teanga feidhmiú i bhfollus. Teastaíonn struchtúr agus córas tacaíochta a chinnteódh go mbunaítear cultúir sa Statchóras a aithníonn an riachtanas agus an tábhacht a bhaineann le bheith ag freastal orthu siúd ar mian leo seirbhísí a bheith curtha ar fáil dóibh i gcéad teanga oifigiúil na tire seo. Thar aon ní eile, ní féidir seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge gan an achmhainn foirne a bheith ann chun an méid sin a dhéanamh. Tá sé aitheanta cheanna féin agus ní gá domsa an argóint a dhéanamh in athuair, go bhfuil easpa mhór foirne le cuamas Gaeilge sa státchóras faoi láthair. Caithfear dul i ngleic leis se oar bhealach cuimsitheach a aithníonn an cohórt foirne atá de dhíth chun gur féidir leis an stát leibhéal sásúil seirbhíse a chur ar fáil trí Ghaeilge. Gan é seo a bheith curtha ar fáil beifear de shíor ag stracháil leis seirbhísí mar is ceart a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Níl sé i gceist agam, agus go deimhin ní bheadh chuí dom bheith sáite in aon díospóireacht pholaitiúil faoi na ceannteidil atá foilsithe ag an Rialtas. Tá de chumhacht agam tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhm phraicticiúil agus ar oibriú an Achta agus ní dochar dom trácht a dhéanamh chomh maith ar an tuarascáíl a d’éisigh an chéad Choimisinéir Teanga i Mí Iúil 2011 maidir le feidhmiú an Achta. Bhí na tuairimí a nochtadh sa tuarascáil sin bunaithe ar thaithí na mblainta ar fheidhmíú an Achta mar aon leis an chleachtas a bhí in úsáid i dtíortha eile. Tacaím mar Choimisinéir Teanga anois leis na moltaí tomhaiste stuama a rinne inti. Is mian liomsa mar a rinne an tuarascáil ar fheidhmiú an Achta, deileáil leis an riachtanas speisialta teanga a bhaineann le soláthair seirbhísí stáit sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh ar chumas an Stáit seirbhísí ar chomhchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta. Ní éileamh míréasúnach é sin.

In imeacht na mblianta tá imscrúduithe go leor déanta ag mo oifig i léiriú easpa cumais an Stáit seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Leithéadaí maorpobail gan Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta Conamara, seirbhísí cigearachta réamhscoile a bhí i mBéarla amháín, cur chuige an córas oideachais i Leith na Gaeltachta agus lion suntasach Gardaí i gceantair Ghaeltachta Gaoith Dobhair gan Ghaeilge.

Má aithníonn an stát seo an stádas teangeolaíochta a bhaineann le ceantair Ghaeltachta, nár cheart mar sin go gcosnódh an reachtaíocht teanga cearta na bpobail sin a gcuid seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. D’fhéadfaí an cás a dhéanamh nach raibh cúram mar is cear déanta ón tús, de sheachadadh seirbhísí stáit trí Ghaeilge sa Ghaeltacht nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm sa chéad lá riamh.

Tá an deis ann anois ach an toil a bheith ann chuige é sin a chur ina cheart. Ní chuireann aon statistic a bhí luaite sa cháipéis a d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar thráchtaireacht ar thorthaí an tsuirbhé, a bhí mar chuid den phróiséas athbhreithnithe an Achta aon iontas orm. Léiríodh ansin gur chuir beagnach gach freagra ord 99% go deimhin in iul go raibh sé tábhachtach nó an-tábhachtach go mbeadh oifigí comhlachtaí poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag freastal ar phobail Ghaeltachta líofa i nGaeilge. Ba chóir prionsabail soiléir a leagan síos i bpríomh reachtaíocht teanga na tire seo go gcaitheadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag fostaithe an stáit a bhíonn lonnaithe i gCeantair Ghaeltachta nó a bhíonn ag tabhairt seirbhíse don phobail sna ceantair aitheanta sin. Cuideódh dualgas soiléir reachtúil don chineáil seo le cultúir a bhunú sa státchóras go gcaithfear áird faoi leith a thabhairt ar an mbealach a gcuirtear seirbhísí ar fáil sna cheantair Ghaeltachta. Ba chóir seo a dhéanamh sa reachtaíocht féin seachas mar chuid de aon scéim teanga.

Mar tá ceisteanna ann chomh maith, faoin easpa feidhmiúlachta i measc na scéimeanna teanga. Tá sé aitheanta cheana féin nach bhfuil ag éirí mar ba chóir le córas na scéimeanna teanga an bhun fheidhm a bhí leo a bhaint amach. Dúirt an Dr. John Walsh mar shampla in alt in iris Comhar Mí an Mhárta i mbliana agus é ag déanamh tagairt do na scéimeanna teanga,’ tá cuid de na gealltanais chomh lag sin, narbh fhiú am agus achainní a chur amú á ndainginiú i gcáipéis reachtúil’. Níl aon cheist ann ach go bhfuil roinnt scéimeanna teanga níos fearr ná a chéile agus d’éirigh leo an méid áirithe séirbhísí fiúntacha breise a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ach mar chóras tá mé amharasach maidir lena bhfíor éifeacht agus is léiriú é an easpa tráthiúlacht a bhaineann le haontú scéimeanna teanga nua go bhfuil ag cliseadh ar an gcóras le tamall fada de bhlianta. Tá samplaí feicithe again freisin de bhealaí ar éirigh le heagraíochtaí stáit gealltanais a bhí tugtha acu i scéimeanna teanga a leasú nó nár fhill tionchar na ngealltanas sin dóibh. Cé gur tréith maith an tsolúbthacht a bhaineann le scéimeanna teanga uaireanta ní chun leasadh cearta teanga a théann an iomarca solúbthachta. An moladh atá agamsa mar Choimisinéir Teanga ná go maolófaí go mór réimse feidhme na scéimeanna teanga. In ionad an córais reatha molaimid go leagfaí dualgais dhíreacha i bhfoirm rialachán ar chatagóirí de eagraíochtaí stát ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal agus an cineáil seirbhíse a bhíonn á gcur ar fáil acu.

D’fhéadfadh córas níos teoranta a fheidhmiú do na scéimeanna teanga a thacódh leis na rialacháin sin. Ba le leas lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a bheadh sé seo.

Dírim áird comhaltaí an Chomhchoiste ar an tuarascáil ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar an óráid seo atá ar shuíomh idirlín na hoifige agus tá súil agam go mbeidh an dá cháipéis mar thaca daoibh agus sibh ag scrúdú an Bhille seo.

Mar fhocail scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do phobail bríomhar na Gaeilge agus na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Gaeilge atá tar éis léiriú gur cás leo an léibhéal seirbhíse trí Ghaeilge atá ar fáil ón ár státchóras fhéin. Is cúraim don Oireachtas anois atá sé na glórtha sin a chloisteáil agus an reachtaíocht fheiliúnach a chur in áit a chinnteóidh go mbeidh cosaint teanga mar is ceart ar fáil dóibh siúd arbh í an Ghaeilge an rogha teanga agus iad i mbun teagmhála le stáchóras na tíre seo.

A Chathaoirligh agus a Chomhaltaí an Oireachtais gabhaim buíochas libh as bhur bhfoighne agus as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.