Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:50 am

Ms Máire Killoran:

Ní miste dom áird an Teachta a tharraingt ar Alt 27 den Acht, a deir go bhféadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfaidh comhlucht poiblí le cibé daoine cibé suimeanna a bhéadh sonraithe sa scéim i leith aon mhainneachtanna a bhéadh sonraithe i dtuarascáil ón gCoimisinéir Teanga. Níl a leithéid de fhoráil tar éis a bheith curtha i bhfeidhm go dáta. Tuigfidh an Teachta gur ceist polasaí don Rialtas a bhéadh ann an tAcht teanga a leasú maidir le forálacha éagsúla a thabhairt isteach chun píonós a chur i bhfeidhm ar chomhluchtaí poiblí. Faoi láthair tá córas ar leith i bhfeidhm faoin Acht teanga go ndéanann an Coimisinéir Teanga monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Achta. Déanann sé iarracht, faoi mar is eol dúinn uilig, na gearáin a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil. Muna n-éiríonn leis an gcóras sin bíonn ar an gCoimisinéir Teanga dul i muinín imscrúduithe. Ag deireadh thiar thall foilsítear torthaí na n-imscrúduithe sin sa tuarascáil bhliantúil. Mar atá ráite faoin Acht teanga, má theipeann ar chomhlucht poiblí fionnachtanna aon imscrúdú a chur i bhfeidhm is féidir leis an gCoimisinéir Teanga tuarascáil ar leith a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá sé sin déanta ag Oifig an Choimisinéar Teanga roinnt uaireanta go dtí seo. Sin an próiseas atá ann faoi láthair.

Mairdir leis an gcéadatán den earnáil phoiblí a rinne cúrsaí oiliúna i nGaelchultúr idir 2011 agus 2014, níl an t-eolas sin againn inniu ach d'fheadfaimís é a sholáthar don Teachta níos moille.

Maidir le hanailís a bheith déanta nó le heolas a bheith againn ar na foilseacháin a fhoilsítear i nGaeilge agus i mBéarla agus an t-éileamh atá orthu, níl an t-eolas sin ar fáil ach an oiread, mar a thuigfidh an Teachta. An nósmhaireacht atá anois ann ná in ionad cáipéisí a fhoilsiú i bhfoirm chrua go bhfoilsítear iad go leictreonach go príomha.

Rinne an Teachta pointe mar gheall ar chartaí vótála a bheith ar fáil.

Ceann des na cúiseanna go bhfuil sé beartaithe an fhoráil a thabhairt isteach go mbéadh sé de cheart ag daoine an leagan Gaeilge dá n-ainmneacha agus dá seolta poist a úsáid agus iad i mbun cumarsáide le comhluchtaí poiblí ná go rachadh sé sin i ngleic le haon fhadhb atá ann faoi láthair maidir le cartaí vótála sa mhéid is go mbéadh a leithéid de fhoráil sonraithe faoin Acht teanga dá gcuirfí an leasú sin i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.