Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:40 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi na scéimeanna teanga, mar sin níl mé chun a lán a rá faoin ábhar sin, ach amháin go bhfuil sé dochreidte go dtógfaidh sé 40 bliain chun iad a dhaingniú. Dúirt Ms Killoran nach raibh sé i gceist an obair seo a dhéanamh thar oíche ach tá an-difríocht idir oíche agus 40 bliain.

Níl go leor comhluchtaí poiblí ag tabhairt aird ar an gCoimisinéir Teanga, nó níor thug siad aird ar an iar Choimisinéir Teanga ar aon nós. Bhí mé i dteagmháil leis an ESB agus le Revenue cupla mí ó shin, chuir mé glaoch gutháin orthu, roghnaigh mé go ndéanfainn mo chuid ghnó i nGaeilge ach ní raibh éinne ann chun mo ghlaoch a fhreagairt.

Seachtain nó coicís ina dhiaidh sin fuair mé glaoch ar ais, ach idir an dá linn bhí an gnó déanta agam tré Bhéarla. Níl daoine atá gnóthach sásta an rud sin a dhéanamh arís agus arís eile. Piocfadh siad an rogha Béarla i gcónaí. D'fhéadfainn an fhadhb a lua leis an gCoimisinéir Teanga ach nílim chun é sin a dhéanamh arís agus arís eile. Bh'fhéidir go ndéanfadh an gnáth duine é sin uair nó dhó, má tá suim aige sa teanga nó más gníomhaí é no í. Agus níorbh é san an chéad uair a raibh an taithí sin agam. Tharla sé trí nó ceithre uaire roimhe sin. Cuireann comhluchtaí poiblí, ar nós an OPW fiú, fógraí suas agus Béarla amháin orthu, agus téann daoine i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga dá bharr. Ansin, cuireann an OPW comharthaí dátheangacha ina n-áiteanna, ach taobh istigh de chúpla mí bíonn comharthaí nua curtha suas, agus iad i mBéarla arís. Ní bhíonn daoine sásta dul ar ais ag an gCoimisinéir Teanga arís agus arís eile.

An féidir píonós beag, nó a leithéid de three strikes and you are out, a leagadh ar chomhluchtaí poiblí, mar cosnaíonn sé a lán airgid agus ama ar an gCoimisinéir Teanga dul ar ais chuig na comhluchtaí poiblí arís agus arís eile chun na rudaí céanna a dhéanamh. Is é mo thuairim go bhfuil bainisteoirí na n-eagraíochtaí poiblí ag rá eatarthu féin, "do nothing and they will go away after a while". Sin an fhadhb atá ann. Tá difear uafásach mór idir an meon sin agus an meon a fheictear sa Bhreatain Bheag, mar shampla, áit a bhfuil daoine ag iarraidh rogha úsáid na Breatnaise a chur chun tosaigh. An féidir leis an Roinn aon rud a dhéanamh chun píonós a chur ar chomhluchtaí poiblí nach gcomhlíonann a gcuid dualgaisí de réir an Achta? I mo cheantar féin cuireann Comhairle Chontae na Mí comharthaí bóthar suas i mBearla nuair atá obair á dhéanamh ar na bóithre i Rath Chairn. Déantar seo arís agus arís eile.

Dúirt Ms Killoran go bhfuil 300 duine sa chóras poiblí i mbun ranganna Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.