Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:20 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ag dul ar ais ar cheist an aistriúcháin, go bhfios dom chuir an iar-Choimisinéir Teanga in aghaidh an argóna a bhí ann go raibh costas ollmhór ag baint le haistriú cáipéisí. Dúirt sé nach raibh bunús ar bith leis an argóint sin a bhíodh á chur chun cinn ag Ranna Stáit éagsúla, go deimhin gur bhain an chuid is mó de chostas tuarascálacha bliantúla leis an té a bhí ag cur na tuarascálach i dtoll a chéile agus le clóbhualadh agus dearadh na cáipéise, agus ní leis an gcostas aistriúcháin amháin. Dúirt sé go raibh costas an aistriúcháin á chur as riocht ar fad.

Tá daoine ann a déarfadh gur theip go huile agus go hiomlán ar Roinn na Gaeltachta daingniú a dhéanamh ar scéimeanna teanga ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Tá na figiúirí i dtuarascálacha an Choimisinéara Teanga le blianta anuas ag léiriú go bhfuil an t-uafás des na scéimeanna - suas le 75% ag pointe amháin - imithe in éag agus go bhfuil cuid mhaith des na scéimeanna nach bhfuil daingnithe beag nó mór. Luaigh muid ag an gcoiste anseo, an uair dheireannach a bhí an tAire Stáit anseo, agus a luas a bhfuil scéimeanna á ndaingniú go dtógfadh sé 40 bliain orainn na scéimeanna ins na comhluchtaí a thagann faoin Acht a dhaingniú fiú, gan trácht ar athnuachan. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá freagrach as daingniú na scéimeanna go dtí seo. Tá teipthe go hiomlán uirthi é sin a dheánamh. Cén chaoi is féidir leis an bpobal muinín a chur sa Roinn Acht nua a chur i bhfeidhm mar is ceart? Is é atá i gceist leis na cinn Bhille ná éascaíocht a dhéanamh don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa chaoi is nach mbeidh an oiread brú uirthi agus go mbeidh sí ag loic ar a cuid dualgaisí tríd na dualgaisí a bhaint dí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.