Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:00 am

Ms Máire Killoran:

Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as an gcuireadh freastal ar an gcruinniú inniu chun ceannteidil Bhille na dTeangachta Oifigiúla (Leasú) 2014 a phlé.
Rinne an Rialtas na ceannteidil a fhaomhadh ag a gcruinniú ar an 1 Aibreán agus chinn an Rialtas go ndéanfaí Bille a dhréachtú chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Is é príomhaidhm an Bhille ná an tAcht teanga a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht do gach duine ar mian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Cuireadh ceannteidil an Bhille i dtoll a chéile i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar an Acht teanga i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016.Shonraigh an gealltanas sin go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht teanga chun a chinntiú go mbaintear an leas is fearr as caiteachas ar an nGaeilge chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éileamh ó shaoránaigh. Tá tuarascáil faoin athbhreithniú, mar aon leis na haighneachtaí éagsúla a bhfuarthas cead iad a fhoilsiú, le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, , in éineacht le ceannteidil an Bhille.
Sula ndírím ar na forálacha éagsúla atá sonraithe sna ceannteidil, áfach, ní miste dom tagairt a dhéanamh do mholtaí áirithe a rinneadh le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí maidir le tionscnaimh pholasaí a meastar a chuirfeadh le stádas agus le húsáid na Gaeilge, dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Tá sé aontaithe ag an Rialtas go bhféachfaí leis na tionscnaimh pholasaí seo a thabhairt chun cinn, i gcomhair leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Tá plé ar siúl faoi láthair leis na páirtithe leasmhara maidir leis an bpróiseas sin a fhorbairt ar an mbealach is éifeachtaí. I measc na dtionscnamh atá faoi chaibidil, tá: bearta réamhghníomhacha chun an cohórt de státseirbhísigh atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla a mhéadú thar thréimhse ama - tá idir bhearta earcaíochta agus oiliúna san áireamh anseo; seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a bhunú chun freastal ar riachtanais Ranna Rialtais; deasc lárnach um sheirbhís do chustaiméirí a bhunú chun soláthar feabhsaithe i seirbhísí Gaeilge a chinntiú don phobal; an Ghaeilge a bheith á húsáid go barréifeacht ar chomharthaí tráchta bóthair agus; úsáid na Gaeilge in ainmneacha comhlachtaí poiblí nua atá á mbunú.
Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na forálacha atá sonraithe i gceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, a bhfuil 13 díobh ann. Is forálacha caighdeánacha iad ceannteidil 1 agus 2, a bhaineann le teideal, tosach feidhme agus léirithe an Bhille.
Is é atá i gceannteideal 3 ná leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht, is é sin an tAcht teanga. De bharr an leasaithe seo, bheadh an míniú ar cheann comhlachta phoiblí comhchosúil leis an míniú atá san Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, a meastar gurb é an míniú is cuí.
Is leasú é ceannteideal 4 ar alt 10 den Phríomh-Acht agus tá na forálacha seo a leanas i gceist leis an gceannteideal seo. Tá sé i gceist fáil réidh leis an bhforáil reatha in alt 10(a) lena gceanglaítear “aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí” a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Tá sé i gceist alt 10(e) a leasú chun foráil bhreise a áireamh ann lena gceadófaí don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a fhorordú go ndéanfaí doiciméid nó aicmí doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Bheadh an fhoráil seo ag brath ar thoiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus aon Aire nó Airí eile, de réir mar is cuí. Ceaptar go gcabhródh an tsolúbthacht a d'eascródh as na leasuithe seo le dul i ngleic le ceann de na príomhábhair imní atá tagtha chun cinn maidir leis na costais fhorfheidhmithe a ghabhann leis an Acht, is é sin an costas a bhaineann le doiciméid a aistriú nach bhfuil éileamh ón bpobal orthu. Ní miste a nótáil go bhfanfadh an ceanglas reatha i bhfeidhm faoi ailt 10(b), (c) agus (d) den Acht chun líon doiciméad sonraithe ar nós tuarascálacha bliantúla, cuntais bhliantúla agus ráitis straitéise a aistriú.
Is leasú teicniúil é an leasú faoi cheannteideal 5 ar alt 11 den Phríomh-Acht a chuirfeadh ar chumas an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aisghairm a dhéanamh ar fhógra a eisíodh chuig comhlacht poiblí faoi alt 11(1) maidir le scéim teanga a ullmhú. Níl aon fhoráil dá leithéid san Acht faoi láthair agus cégo bhféadfadh sé nach n-úsáidfí go minic í, d’fhéadfadh an chumhacht chun fógra a tharraingt siar a bheith ag teastáil in imthosca áirithe i gcás athrú a bheith tagtha ar fheidhmeanna comhlachtaí poiblí.
Is leasú é ceannteideal 6 ar alt 13 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis seo ná foráil a dhéanamh maidir le fo-alt nua a áireamh in alt 13(2) lena gceanglófaí go ndéanfaí na poist laistigh den chomhlacht poiblí ina bhfuil gá le hinniúlacht sa Ghaeilge a shonrú i ngach scéim teanga. Eascraíonn an leasú seo as cinneadh an Rialtais ar an 30 Deireadh Fómhair 2013 an beartas a bhíodh ann marcanna bónais a bhronnadh as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais earcaíochta agus ardaithe céime sa Státseirbhís a chúlghairm agus córas bunaithe ar inniúlachtaí a chur ina áit. Faoin gcóras nua seo, beidh inniúlacht sa Ghaeilge ina ceanglas le haghaidh poist shonraithe sa Státseirbhís. Chomh maith leis an leasú reachtúil seo, ní miste a nótáil go mbeidh poist, nó réimsí oibre, ina bhfuil gá le daoine atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla le sonrú i bpleananna fórsa saothair Ranna agus Oifigí Rialtais amach anseo.
Is leasú é ceannteideal 7 ar alt 14 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis an gceannteideal seo ná foráil a dhéanamh chun tréimhse feidhme na scéimeanna teanga a mhéadú ó thrí bliana go dtí seacht mbliana. Faoin mbeart seo, thabharfaí deis do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a shainaithint agus a eagrú chun go mbeifí ag cur feabhas de réir a chéile ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar bhealach níos straitéisí. Is fiú a nótáil freisin go bhfuil cur chuige nua i bhfoirm teimpléid le cur i bhfeidhm le comhlachtaí poiblí anois chun cur chuige níos éifeachtaí a threisiú faoi chóras na scéimeanna teanga. Ní miste a rá go leanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga ag comhlachtaí poiblí.
Is leasú é ceannteideal 8 ar alt 15 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis an gceannteideal seo ná foráil a dhéanamh chun: Alt 15 den Acht a leasú chun cur ar chumas an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aisghairm a dhéanamh ar fhógra a eisíodh chuig comhlacht poiblí maidir le scéim teanga a ullmhú. Tá an leasú seo ar aon dul leis an leasú réamhluaite i gceannteideal 5 maidir le halt 11 den Acht; Alt 15(1) den Acht a leasú chun go bhféadfadh tosaíocht a bheith ag scéim nua ar scéim reatha i gcás go gceadaítear í roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana ón dáta a cheadaigh an tAire an scéim reatha. I gcás go ndéanfadh an tAire scéim nua a chomhaontú sula mbeadh deireadh leis an tréimhse a bhaineann le scéim reatha, chinnteodh an leasú seo go mbeadh tosaíocht ag an scéim nua ar an scéim reatha agus; Alt 15(1) den Acht a leasú chun a cheadú don Aire fógra a eisiúint chuig comhlacht poiblí ina n-iarrfaí go ndéanfaí athbhreithniú ar an scéim 12 mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana ón dáta a cheadaigh an tAire an scéim reatha. Tá gá leis an leasú seo chun nach mbeadh aon débhrí ann a bhainfeadh le bailíocht scéimeanna reatha thar an líon blianta (seacht mbliana atá i gceist) dár dhaingnigh an tAire iad.
Is alt nua é ceannteideal 9, a bhaineann le hainmneacha agus seoltaí poist i nGaeilge. Is é an cuspóir atá leis an gceannteideal seo ná a chinntiú gur féidir le daoine an leagan Gaeilge nó Béarla dá n-ainmneacha agus dá seoltaí a úsáid, cibé acu is mian leo, agus iad i mbun cumarsáide le comhlachtaí poiblí. Is é an prionsabal bunúsach atá leis nár cheart go ndéileálfadh comhlachtaí poiblí le níos lú fabhair le daoine ar mian leo an leagan Gaeilge a úsáid ná mar a dhéileálfaí le daoine ar mian leo an leagan Béarla a úsáid.

Ós rud é go bhféadfadh impleachtaí praiticiúla a bheith ann mar gheall ar an bhforáil seo i réimsí ar nós na teicneolaíochta faisnéise agus i gcórais ghnó eile a úsáidtear san earnáil phoiblí, tá sé i gceist a chumasú don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an fhoráil seo a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ar dháta nó ar dhátaí a bheadh forordaithe le rialachán. Is é an aidhm atá leis an gcur chuige seo ná a cheadú don Aire cur leis an liosta de chomhlachtaí poiblí lena mbainfeadh an fhoráil seo de réir mar a ndéanfaí oiriúnú ar na córais ghnó sna comhlachtaí sin. Ar leibhéal praiticiúil, dhéanfaí an ceanglas nua seo faoin Acht a chur in iúl do chomhlachtaí poiblí ar bhonn riaracháin agus d'iarrfaí orthu scála ama a chur ar fáil chun na coigeartuithe cuí a dhéanamh ar a gcórais ghnó.

Is é atá i gceist le ceannteideal 10 ná foráil a dhéanamh maidir le halt 30(1) den Phríomh-Acht a leasú chun fáil réidh leis an gcoinníoll sé mhí maidir le tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga. In ionad sin, bheadh sé i gceist go gcuirfí tuarascáil bhliantúil agus cuntais bhliantúla an Choimisinéara Teanga faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag an am céanna. Mar thoradh ar an leasú seo, laghdófaí líon na n-aighneachtaí a bhaineann le tuarascáil bhliantúil agus cuntais bhliantúla an Choimisinéara Teanga agus a chuirtear faoi bhráid an Rialtais in aghaidh na bliana.

Is leasú é ceannteideal 11 ar alt 31 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis an gceannteideal seo ná foráil a dhéanamh chun fáil réidh leis an tagairt don Choimisiún Logainmneacha. Tá an leasú seo riachtanach mar thoradh ar chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha i mí Dheireadh Fómhair 2012, mar chuid dá phlean um athchóiriú na seirbhíse poiblí. Tá coiste saineolach a cheap an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar bhonn riaracháin curtha in áit an Choimisiúin Logainmneacha.

Is leasú é ceannteideal 12 ar alt 32 den Phríomh-Acht. Chuirfeadh an fhoráil seo ar chumas an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta dul i gcomhairle le cibé daoine a mheasann an tAire is cuí sula bhfeidhmíonn an tAire na feidhmeanna maidir le horduithe logainmneacha, dá dtagraítear dóibh i bhfo-ailt 32(1)(a) agus 32(1)(b) den Acht. Is mar thoradh ar an leasú i gceannteideal 11 atá an leasú seo beartaithe. Dhéanfaí foráil freisin leis an leasú seo maidir le próiseas comhairliúcháin a reáchtáil sula ndéanfadh an tAire ordú logainmneacha a shíniú, a leasú nó a chúlghairm.

Is leasú é ceannteideal 13 ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. Tá dhá ghné ag baint leis an gceannteideal seo. Uimhir a haon, tá sé i gceist foráil a dhéanamh chun fáil réidh leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht agus foráil chineálach a chur ina ionad ionas nach mbeadh gá an Sceideal a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil de réir mar a thiocfadh athrú ar stádas comhlachtaí poiblí. Tá breis is 600 comhlacht poiblí luaite faoin gCéad Sceideal den Acht agus ní foláir rialacháin a dhéanamh chun an Sceideal seo a thabhairt cothrom le dáta nuair a thagann athrú ar stádas comhlachtaí poiblí. Ós rud é go gceaptar gur modh neamhéifeachtúil é seo chun a chinntiú go dtagann gach comhlacht poiblí faoin Acht, tá leasú i gceist chun foráil chineálach atá i gcomhréir le forálacha dá leithéid i reachtaíocht eile a chur in ionad an Sceidil atá ann faoi láthair. D’fhágfadh an méid sin, faoi réir comhairliúchán le hAirí eile, de réir mar is cuí, agus aon eisiamh a d'eascródh as an méid sin, go dtiocfadh gach comhlacht poiblí faoi réim an Achta go huathoibríoch. Uimhir a dó, tá sé i gceist freisin leasú a dhéanamh ar an tagairt sa Chéad Sceideal do na comhlachtaí forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 chun gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin faoin Acht a theorannú dá gcuid gníomhaíochtaí sa dlínse seo amháin. Tá an leasú seo á moladh tar éis ról agus feidhmeanna na gcomhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh Theas a bhreithniú.

Mar fhocal scoir, ní miste a nótáil go ndearna an Rialtas cinneadh ar 1 Aibreán gan dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Agus an cheist seo á breithniú ag an Rialtas, tógadh san áireamh torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d’Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig iomlán neamhspleách.

Leanfaidh an Roinn ag obair i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an fochoiste seo agus an Coimisinéir Teanga, agus an próiseas dréachtaithe don Bhille ag dul ar aghaidh. Ar ndóigh, beidh an Bille féin ag teacht ar ais chuig an Oireachtas ar ball nuair a bheidh sé foilsithe.

Tá súil agam, a Chathaoirligh, go dtugann an méid seo léargas don fhochoiste ar an méid atá beartaithe ag an Rialtas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú. Tá mé sásta, ar ndóigh, aon cheisteanna atá ag an bhfochoiste ar an ábhar seo a fhreagairt feadh mo chumais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.