Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Nílim ag fáil mórán údar misnigh ón méid atá á rá ag an Aire Stáit ó thaobh cur chun cinn na straitéise. Ceann de na moltaí a chuireadh os ár gcomhair anseo ná go bhféadfaí, nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar shampla, ról monatóireachta a thabhairt don Choimisinéir Teanga maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. An mbeadh an tAire Stáit sásta dul le sin? Is léir go bhfuil an Roinn faoi bhrú, le gan ach 60 duine, agus go bhfuil sé deacair gach trá a fhreastal. Nach ndéanfadh sé ciall an ról sin, ról monatóireachta, a thabhairt don Choimisinéir Teanga maidir le cur i bhfeidhm na straitéise? Ansin, bheadh muinín níos mó ag pobal na Gaeilge agus againne go bhfuil duine éigean ag coinneáil súile ó lá go lá ar na cuspóirí a bhí ann, an bhfuil siad á bhaint amach agus le treoir a thabhairt don Rialtas ar an bhealach is fearr leis an straitéis a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.