Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 6 March 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit
3:25 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ba cheart go mbeimid soiléir. Tá a fhios againn go bhfuil go leor de phobal na hÉireann ag iarraidh an fhírinne a fháil. Níl na cáipéisí atá againne os a gcomhair amach. An chreatlach a bhí ann ná coiste Rialtais, grúpa oifigeach sinsearach, Aire sinsearach agus Roinn Rialtais. Deir an straitéis faoin sin:
Sa chomhthéacs seo, ciallaíonn "comhlachtaí" na Ranna Stáit agus na heagraíochtaí Stáit ar fad. Téann an straitéis ar aghaidh:
Déanfar pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú ó Aonad Straitéise laistigh den Roinn sin. Beidh foireann thiomanta ann agus sannfar dualgais agus róil feidhmithe do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe mar is gá. Beidh an tAonad Straitéise freagrach as: - maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise;
- monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní;
- a chinntiú go ndéantar feidhmiú tras-rannach ar thionscnaimh;
- sainchomhairle a sholáthar;
- maoirseacht a dhéanamh ar phleananna oibríochta mar a bheidh forbartha ag na comhlachtaí forfheidhmithe; agus
- tuairiscí cothrom le dáta agus cáipéisíocht chuí a fhoilsiú mar eolas don phobal.
Féadfar líon beag d'fhoireann ar iasacht a mbeidh saineolas acu i mbainistiú riaracháin phoiblí, i bpleanáil teanga agus in oideachas a shannadh don Aonad le tascanna ar leith a dhéanamh más gá. Féadfaidh an tAonad measúnuithe, nuair is gá, nó seirbhísí sonracha, a choimisiúnú ó ghníomhaireachtaí atá ann nó ón earnáil phríobháideach. Déanfar pleananna agus tiomantais earnálacha a sheachadadh trí na Ranna agus na gníomhaireachtaí cuí.B'shin ceann de na bunclocha ar fad de chur i bhfeidhm na straitéise. Bhí sé i gceist go mbeadh an láthair cumhachta, ó thaobh an straitéis a thiomáint sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, ansin. Bhí sé i gceist go mbeadh saineolas ann agus go mbeadh dream in áit le pleananna a réiteach. In ionad é sin a fháil, tá an tAire Stáit tar éis a rá nach bhfuil tada againn. Nílimid ach ag leathanach a haon, ach is léir nach bhfuil aon aonad ann. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go mbíonn daoine ag plé le mír anseo agus mír ansiúd, ach níl aon dream a deireann "seo é an straitéis, cuirfear i bhfeidhm é". Dúirt an tAire Stáit nach bhfuil an t-aonad ann. Gabhaim buíochas leis. Ní gá aon fhreagra a thabhairt ar sin.
No comments