Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 6 March 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit
3:15 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá foireann na Roinne sna Forbacha, thiar i gceantar an Teachta, agus cuid d'fhoireann na Roinne i mo cheantar féin, in oifig i nGaoth Dobhair, fite fuaite le cur i bhfeidhm na straitéise. I nGaoth Dobhair, tá ionad ansin atá ag plé le scéimeanna teanga.
Chomh maith le sin, tá freagracht ar gach duine sa Roinn maidir le cir i bhfeidhm na straitéise. Is cuid mhór de chuspóir na Roinne é, is cuid mhór de chuspóir an Rialtais é agus tá freagracht ar gach duine. Maidir le cé mhéad duine atá sa Roinn -----
No comments