Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Agus, i gcás go bhfuil Tithe an Oireachtais ar an tuairim nach bhfuil an dlí dhá chomhlíonadh ag na heagraíochtaí, níl aon chead ná aon cheart ag aon eagraíocht reachtúil sa tír seo an dlí a bhriseadh. Mar s n, titeann an dualgas ar an Taoiseach agus ar an Rialtas a dhéanamh cinnte go gcomhlíonann gach eagraíocht Stáit an dlí. Mar sin, más é tuairim an choimisinéara íagus tuairim an Oireachtais go bhfuil an dlí dhá shárú- creidim go bhfuil roinnt oibre le déanamh againn ar sin- caithfear a mhíniú dúinn cén fáth gur é tuairim an Rialtais agus an tArd-Aighne nach bhfuil an dlí á shárú nó caithfear cloí leis an dlí. Tá íié fíor shimplí go deo.

Tá a fhios agam, ó bheith ag plé leis an iar-Choimisinéir Teanga, Soán Ó Cuirreáin, má chuaigh duine chuige agus má iarr sé air rud a cheapfá cjur ceart a bheith déanta ag an Stát, ach nach raibh in aon Acht mar dhualgas ar an Stát, déarfadh sé nach féidir leis dada a dhéanamh sa chás mar nach raibh aon soláthar sa dlí le mian an duine sin a chur i bhfeidhm. Mar sin, aon uair a rinne sé imscrúdú agus aon uair a fuair sé amach nó a thug sé an tuairim nach raibh rud ag teacht de réir an dlí, is mar sin a bhí sé dar leis agus ní hé gur rud inmhianaithe a bhí ann, ach rud ó thaobh ceiste dlí.

Má théann muid ar ais chuig an straitéis, chuig leathanach a trí, an chéad leathanach den straitéis féin, feiceann muid gur í aidhm polasaí an Rialtais chomh maith cur le méid na dteaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil. Tá sé mar aidhm freisin:

tacaíocht theangeolaíoch a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge a thugann aitheantas do shainriachtanais na gceantar sin ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh;
a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag an saoránach i ndioscúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus
a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.
Tá gach rud de na mionrudaí atá sa straitéis bunaithe ar an bhfís sin. Nuair a théann muid chuig leathanach a ceathair, feiceann muid an comhthéacs polasaí ann. Tá sé spéisiúil breathnú ar an gcomhthéacs polasaí. Deir sé:
Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an tAcht Oideaclais 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus an tAcht Craolacháin 2001.
Tá muid ag baint an bhoinn de chodanna d'Acht na dTeangacha Oifigiúla anois. Leannann an comhthéacs ar aghaidh:
Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm. Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge ...
agus mar sin de. Leanann an comhthéacs ar aghaidh leis na cuspóirí, 13 acu, ach ní rachaidh mé tríd gach ceann. Deir uimhir 10:
Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.
Cuireann Conradh na Gaeilge, mar shampla, ceist maidir leis an moilliú agus maidir le deireadh a chur leis an moilliú istigh san Eoraip. De réir mar a thuigim, tá dóthain ateangairí agus daoine le haistriúchán anois le sin a dhéanamh, ach níl gíog ná míog as an Rialtas an bhfuil sé i gceist sin a dhéanamh.
Tá na mionrudaí sa straitéis bunaithe ar na rudaí móra. Tá an pictiúr mór le feiceáil, agus téann sin siar go 2006. Cuireadh na rudaí seo d'aon tiras isteach sa straitéis le go mbeadh an pictiúr mór soiléir agus nach gcaillfí muid sa mhion argóint. Ach deir an tAire Stáit linne, nuair a thagann muid go dtí an chéad leathanach, "Sorry, by the way, i ndorchadas na hoíche, d'athraigh muid é seo ar fad, ach ní dúirt mé libh é."

Cé mhéad duine atá san aonad straitéise?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.