Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 6 March 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit
3:15 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
San fhianaise a thug an tAire Stáit clúinn inné, dúirt sé nach raibh freagracht ar bith air ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla ach amháin ó thaobh daingniú scéimeanna. Dúirt sé sin linn inné go neamhbhalbh, agus cheistigh muid é faoi céard a dhéanfadh sé leis na himscrúduithe a chuireann an Coimisinéir Teanga ar fáil. Dúirt sé nach raibh aon bhaint acu leis, nach raibh dada sa reachtaíocht a chuireann an dualgas sin air. Anois tá sé ag rá linn go bhfuil sé ina chathaoirleach ar choiste idir-rannach a bhíonn ag cur brú orthu. Dúirt sé rud amháin inné agus rud eile inniu. Tá sé an-deacair a chreidiúint go bhfuil an tAire Stáit ag comhordú na straitéise mar is cóir agus mar a leagadh amach sa straitéis féin.
No comments