Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:05 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl an díospóireacht seo ag dul áit ar bith. Tá sé soiléir ón méid atá ráite anseo go bhfuil an Rialtas ag déanamh athruithe bunúsacha ar an straitéis. D'éirigh an tUasal Ó Cuirreáin as a phost mar nach raibh sé sásta go raibh an straitéis á cur i bhfeidhm. Chonaic sé go raibh cinntí á nglacadh agus athruithe á ndéanamh de réir mar a bhí an ghaoth ag séideadh. Ní raibh sé sásta leis sin. Tá an cumadh ar an scéal nach bhfuil Uachtarán na tíre sásta leis, de réir mar a bhí le rá aige i rith na seachtaine. Chonaic mé cóip den mhéid a bhí le rá aige. Dúirt sé go bhfuil díomá pearsanta air de bharr an dóigh atáthar ag caitheamh le daoine atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge. Tá an cumadh ar an scéal, tar éis dúinn cúpla líne den straitéis a phlé, go bhfuil an Rialtas imithe i bhfad ón straitéis agus ó na focail atá sa straitéis. Má táimid ag iarraidh bheith ionraic le muintir na Gaeilge agus le muintir na Gaeltachta, caithfimid dul tríd an straitéis líne ar líne sa choiste seo. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit sásta teacht isteach chun a leithéid de phlé a dhéanamh.

Ní féidir an milleán nó an locht a chur ar na Ranna Rialtais uile. Tá Roinn Rialtas amháin freagrach as an straitéis a chur i bhfeidhm. Má tá daoine ag iarraidh an milleán a chur ar Ranna Rialtais eile, titfidh siad idir shá stól. An bhfuil an tAire Stáit agus an Roinn sásta é seo a thiomáint? Tá sé soiléir nach bhfuil an Rialtas sásta é a thiomáint? B'fhéidir go bhfuil an Rialtas ag iarraidh go dtitfidh sé seo idir dhá stól. Measaim go bhfuil am á chur amú againn muna bhfuilimid sásta dul tríd an straitéis seo líne ar líne. Caithfimid cuidiú a thabhairt don Aire Stáit agus muid ag dul tríd an straitéis chun a fhail amach cad atá á dhéanamh ag an Rialtas. Ba cheart é a dhéanamh i gceart sula dtagann aon reachtaíocht úr os comhair Tithe an Oireachtais. Caithfimid na mionsonraí a phlé líne ar líne. Más gá seachtain a chaitheamh ag cruinnithe coiste chun é sin a dhéanamh, measaim gur obair mhaith a bheadh ann. Is ceist bhunúsach é seo ó thaobh cúrsaí na straitéise. Is cuma céard atá sa straitéis - muna bhfuil an meon ann chun é a thiomáint agus muna bhfuil an Rialtas sásta é a bhrú chun tosaigh, ní fiú straitéis a bheith ann, fiú. Muna bhfuil an Rialtas sásta an straitéis a chur i bhfeidhm, bheadh sé chomh maith é a chaitheamh amach leis an lán mara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.