Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 6 March 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit
2:55 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Ag glacadh leis an ráiteas a rinne an tAire Stáit leis an Teachta Ó Cuív, go raibh athrú Rialtais ann ó scríobhadh an straitéis, déantar cuid mhór de agus deir an tAire Stáit féin é i mbeagnach gach ráiteas a dhéanann sé, gur ghlac gach uile pháirtí leis an Straitéis 20 Bhliain don Ghaeilge. Aontaíodh í trasna na bpáirtithe ar fad. An bhfuil an tAire Stáit ag rá linn anois go bhfuil athrú ar an straitéis mar gheall go raibh athrú Rialtais ann? Níor cuireadh aon straitéis 20 bhliain nua leasaithe os ár gcomhair. Mar sin, táimid ag glacadh leis go bhfuil an straitéis le cur i bhfeidhm mar a bhí sí scríofa. An bhfuil athrú ar sin?
No comments