Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 6 March 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit
2:55 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá fadhb phraiticiúil le sin i gcomhthéacs an méid a luaigh an tAire Stáit roimhe seo. Dúirt sé go raibh pribhléid Rialtais ag baint leis na cruinnithe a bhí ar bun ag leibhéal an Rialtais. An mbíonn an tAire Stáit ag freastal ar na cruinnithe sin? Má tá an tAire Stáit freagrach as cur chun cinn na straitéise agus í a chur i bhfeidhm, nach bhfuil deacracht ann má bhíonn air tuairisc a thabhairt don Aire le cur os comhair an chomhchoiste ar a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach? Nach bhfuil fadhb bhunúsach ann nach bhfuil an tAire Stáit i lár an aonaigh ó thaobh cur chun cinn agus cur i bhfeidhm na straitéise?
No comments