Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

2:35 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ceist í seo don Aire Stáit i dtaca leis na moltaí a tháinig chun cinn i mí Eanáir 2012 ón phobal, go háirithe ó phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. An bhfuil na moltaí sin curtha i bhfeidhm ins an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla? An bhfuil aon cheann de na moltaí sin curtha i bhfeidhm ins an doiciméad atá le cur os comhair an Rialtais? Má tá, b'fhéidir go dtiocfadh leis an Aire Stáit a chur in iúil cad iad atá curtha bhfeidhm nó atá curtha isteach sa plépháipéar sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.