Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

2:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Céad fáilte roimh an Aire Stáit os ár gcomhair arís. Tá a fhios agam go bhfuil sé cruagach go maith. Bheinn ag teacht, a bheag nó a mhór, leis an méid atá molta ag an Teachta Ó Cuív. Sílim go mbeadh an-chiall leis sin. Sula dtosóimís ar an bpróiseas sin tá trí cheist bheaga gur mhaith liom a chur a bhaineann leis an gcomhthéacs ina bhfuilimid ag suí inniu agus sílim go bhfuil sé tábhachtach iad sin a chur as an mbealach roimhré.

Bheinn ag teacht go huile agus go hiomlán leis an cur chuige atá molta mar sílim go bhfuil frustrachas áirid ag baint le cuid de ráitis an Aire Stáit, i gcead dhó, go dtéann siad an-ghinearálta faoi na ceisteanna éagsúla ach nach dtéimid go sonrach de réir na straitéise, agus sílim go bhfuil sé thar am an fhiniúchadh ghrinn seo a dhéanamh ar an straitéis, ar a raibh molta, ar an méid atá a bhaint amach agus mar sin de. Bheinn ag teacht le moladh an Teachta Uí Chuív, ach sula dtosódh muid isteach sa méid sin ba mhaith liom cúpla ceist ghonta a chur, más féidir sin a dhéanamh.

Cuireann an ráiteas atá tugtha ag an Aire Stáit iontas orm. I ráitis atá faighte againn cheana agus muid ag fiafrú cé tá i gceannas na straitéise deineadh scéal mór de go raibh an Taoiseach i mbun na straitéise agus go raibh coiste ag leibhéal Rialtais ag plé leis seo. Níor airigh mé focal ar bith i ráiteas an Aire Stáit inniu maidir leis an Taoiseach agus go bhfuil sé i gceannas na straitéise. Ó thaobh an fhochoiste Rialtais sin, cé mhéad cruinniú a bhí aige, cé chomh minic is a thagann sé le chéile agus, i ndáiríre, an bhfuil baint ar bith aige le cur chun cinn na straitéise?

An dara ceann ná seo. Bhí dhá mhórshiúl ann le deireannaí, ceann i mBaile Átha Cliath a raibh 10,000 duine ag freastal air agus ceann i gConamara a fhreastail, b'fhéidir, 1,200 duine air. Fágadh litir isteach ag oifig an Aire Stáit ag an gceann i gConamara. Ba bhreá linn a fháil amach an bhfuair an t-Aire Stáit litir, an bhfuil sí léite aige agus an bhfuil sé i gceist aige freagra a thabhairt ar na nithe atá luaite ansin? Bhí rudaí luaite ansin nach bhfuil luaite ina fhreagra, mar shampla ó thaobh na n-éileamh atá déanta ag pobal na Gaeltachta.

An tríú cheist, chaith muid cuid mhaith uair a chloig inné ag plé Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúradh linn go raibh na Cinn Billí gar a bheith réidh. Is féidir liom a rá go bhfuil cáipéis faighte againn agus is cosúil gurb é an dréacht de chinn teidil Bhille nua na dteangacha oifigiúla atá innti. Is cosúil chomh maith go bhfuil an-imní ar an dream a bhfuil an cháipéis feicthe acu gurb é an treo atáthar ag dul ná go bhfuiltear ag dul a déanamh lagú an-mhór ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dá bhí sin, ba bhreá liom a fháil amach ón Aire Stáit arbh iad seo na dréacht Cinn Billí a bhfuil an Rialtas á bplé. Más iad, an é seo an treo atá Acht na dTeangacha Oifigiúla ag dul? Más é, an bhfuil na dréachtaí den mBille seo pléite leis an té a bhéas ag teacht i gcomharbacht ar Sheán Ó Cuirreáin nó fiú an treo atá i gceist? An bhfuil sé curtha in iúil dó go go bhfuil i gceist ag an Rialtas lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.