Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

2:10 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat a Leas-Chathaoirligh, a Theachta agus a Sheanadóirí.

Ar dtúis, tá mé buíoch díbh as an chuireadh a thug sibh dom teacht anseo inniu chuig cruinniú den fhochoiste agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair thábhachtach atá ar siúl agaibh i ndáil le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus tá áthas orm an deis a fháil díospóireacht a bheith againn faoi na nithe éagsúla a pléadh ag bhur gcruinniú leis an iar-Choimisinéir Teanga, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, ar an 23 Eanáir 2014.

Mar atá a fhios agaibh, ar an 4 Nollaig 2013 ag cruinniú den Chomh-Fhochoiste um Achainíocha Poiblí, d’fhógair an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chinneadh gan a théarma ceapacháin iomlán go dtí 22 Feabhra 2016 a chríochnú. Tá mo bhuíochas curtha in iúl agam don Uasal Ó Cuirreáin go pearsanta agus go poiblí as an méid atá curtha i gcrích aige le linn a thréimhse in oifig agus guím gach rath air féin agus ar a chúram sa todhchaí.

Tá na céimeanna cuí tógtha ag mo Roinn ó shin chun an Coimisinéir nua a cheapadh i gcomhréir le halt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a deir gurb é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh. Ós rud é go bhfuil na rúin sin rite anois, tuigtear dom go ndéanfaidh an t-Uachtarán an t-Uasal Rónán Ó Domhnaill a cheapadh mar an dara Coimisinéir Teanga go han-luath. Ba mhaith liom fosta gach rath a ghuí ar an Choimisinéir Teanga úr agus eisean ag tabhairt aghaidh ar a chuid cúraimí a chur i gcrích.

Ba mhaith liom anois díriú isteach ar an phlé cuimsitheach a bhí agaibh leis an iar-Choimisinéir Teanga maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe. Foilsíodh an straitéis i mí na Nollag 2010 tar éis don straitéis tacaíocht thraspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin agus taighde a bheith curtha i gcrích. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an Ghaeilge chun cinn, cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Is straitéis uaillmhianach agus dúshlánach í a chuimsíonn naoi réimse gnímh lena n-áirítear oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin agus reachtaíocht.

Ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais seo i leith chur i bhfeidhm na straitéise a threisiú anseo inniu. Tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtacóidh an Rialtas leis an straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Is ar mo Roinnse, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Is tionscadal spreagúil é seo a bhfuil sé i gceist leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ar bhealach comhordaithe thar thréimhse scór bliain.

Aithnítear sa straitéis féin an gá atá le cur chuige céimnithe chun na bearta éagsúla a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, caithfear na srianta ar acmhainní a bhaineann le feidhmiú na straitéise a thógáil san áireamh. Is fíor, gan amhras, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atáthar a chaitheamh ar an Ghaeilge ón tréimhse ar foilsíodh an straitéis in 2010. D’ainneoin go raibh tionchar aige seo ar fheidhmiú na straitéise, is díol suntais é an méid atá bainte amach cheana chun cuid de mhórspriocanna na straitéise a chur i bhfeidhm.

Luadh ag bhur gcruinniú ar an 23 Eanáir gur mhaith an rud é dá ndéanfaí scrúdú líne ar líne ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. D’fháilteoinn go mór roimhe sin, a Leas-Chathaoirligh, mar go gcreidim go léireodh sé go soiléir go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta agus go bhfuil comhoibriú an-mhaith á fháil ón iliomad páirtí leasmhar atá lán-tiomanta do spriocanna uaillmhianacha na straitéise a bhaint amach. Is fiú cúpla gné shuntasach a lua mar shamplaí.

Maidir le mo Roinn féin, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta: achtaíodh Acht na Gaeltachta i mí Iúil 2012; achtaíodh an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013 a fhorálann go ndéanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an Chaighdeán Oifigiúil; tá bearta éagsúla á gcur i bhfeidhm faoin chlár tacaíochta teaghlaigh chun tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge; d'fhoilsigh Foras na Gaeilge an foclóir nua Béarla/Gaeilge i mí Eanáir 2013; agus tá tionscnamh dar teideal Dúchas.ie á chómhaoiniú ag mo Roinnse, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chun ábhar ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a chur ar fáil ar líne.

Maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, a bhfuil ról lárnach aige i gcur i bhfeidhm na straitéise: tá polasaí oideachais á chur i dtoll a chéile do scoileanna Gaeltachta, ag aithint na riachtanas ar leith atá ag na scoileanna sin; tá scrúduithe caighdeánacha ar fáil agus in úsáid i mbunscoileanna Gaeilge; tá bearta tugtha isteach chun na bunriachtanais iontrála don Ghaeilge sna coláistí oiliúna a leasú, chun méadú a dhéanamh ar fhad na gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí agus chun síneadh a chur leis an tréimhse a chaitheann na hábhair oidí sa Ghaeltacht; agus tá polasaí réamhghníomhach glactha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i ndáil le bunú scoileanna Gaeilge.

Tá na gníomhaíochtaí seo agus iliomad eile mar iad ag eascairt ón straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá an t-eolas iomlán ar fáil sa tuarascáil a d’fhoilsigh mo Roinn anuraidh ar chur i bhfeidhm na straitéise le linn na tréimhse idir 2010 agus 2013. Ina theannta sin, tá eolas cuimsitheach ar fáil sna pleananna forfheidhmithe faoin straitéis a d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, aon cheann déag acu san iomlán, ag an am céanna i mí Iúil anuraidh. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

In ainneoin an bhrú ar an Státchiste, is cúis sásaimh ar leith domsa é an t-allúntas ar leith de €0.5 milliún a cuireadh ar fáil don straitéis i gcáinaisnéis 2014. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla, ina measc gníomhaíochtaí a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Aontaímid, ar ndóigh, go bhfuil go leor le déanamh go fóill, ach is trua liomsa, a Leas-Chathaoirligh, go ndéantar beag is fiú den obair fhiúntach agus dháiríre atá ar siúl ar fud an Státchórais in go leor den tráchtaireacht atá déanta ar an straitéis le tamall anuas. Tugann an straitéis an chreatlach pholasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla, idir an Stát agus an pobal, chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun aidhmeanna fiúntacha a bhaint amach ar bhonn céimnitheach. Sa chomhthéacs seo, tá súil agamsa gur féidir le baill Thithe an Oireachtais comhoibriú ar bhonn traspháirtí chun treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ba mhaith liom tagairt anois do chuid den phlé a rinne an fochoiste maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Measaim go bhfuil sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil ón uair ar tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le forfheidhmiú an Achta agus tá an dul chun cinn atá déanta maidir le forálacha éagsúla den Acht le sonrú ón bhliain 2003 i leith. Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge méadaithe mar gheall ar fhorálacha san Acht féin agus i rialacháin faoin Acht. Is gné an-tábhachtach den Acht iad na scéimeanna teanga a thugann creatlach do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú chun an réimse seirbhísí i nGaeilge a chuirtear ar fáil don phobal a mhéadú ar bhealach forchéimnitheach thar thréimhse ama.

Ón uair ar tháinig an tAcht i bhfeidhm sa bhliain 2000 tá 155 scéim teanga daingnithe. San áireamh san fhigiúr seo tá 113 chéad scéim, 38 dara scéim agus ceithre tríú scéim. Cuimsíonn na scéimeanna reatha atá i bhfeidhm tuairim is 185 comhlacht poiblí san iomlán. Cé go bhfuil tuairim is 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin Chéad Sceideal den Acht, clúdaíonn na scéimeanna atá daingnithe mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an phobal i gcoitinne leo. Daingníodh 16 scéim anuraidh agus, cheana féin i mbliana, tá sé cinn eile daingnithe; agus tá plé gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le comhlachtaí poiblí éagsúla i ndáil le 121 dréachtscéim atá idir lámha faoi láthair.

Deántar go leor tagairtí i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012 do scéimeanna teanga a bheith "imithe in éag" agus phléigh an comhchoiste é seo ag a chruinniú ar an 4 Nollaig 2013. Feictear dom go bhfuil sé tábhachtach an cheist seo a shoiléiriú. Ón chomhairle dlí atá faighte ag mo Roinnse, is léir, faoi réir alt 14(3) den Acht, go bhfanann scéimeanna teanga i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón dáta a ndaingnítear iad, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua ina n-áit, cibé acu is déanaí.

In ainneoin an cháinte atá déanta orthu, creidimse go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta de bharr na scéimeanna teanga. Tá tuiscint níos fearr ag comhlachtaí poiblí ar a ndualgais maidir le seirbhísí a chur ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge agus tá a lán bearta curtha i bhfeidhm ag an iliomad comhlacht poiblí chun na críche sin le deich mbliana anuas. Tá dea-thoil agus dea-chomhoibriú na gcomhlachtaí poiblí le haithint go soiléir san idirphlé atá ag mo Roinn leo chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá sé tábhachtach an méid sin a aithint.

É sin ráite, aithnítear nach bhfuil córas na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla gan laigí agus tá céimeanna dearfacha sa treis faoi láthair chun éifeachtacht chóras na scéimeanna teanga a fheabhsú, ar a n-áirítear na leasuithe reachtúla ábhartha a d’eascair as an athbhreithniú ar an Acht.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais í úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin i gcónaí go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, mar a pléadh ag bhur gcruinniú ar an 23 Eanáir 2014, tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo,cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d’oifigigh feidhmiúcháin, atá le reáchtáil go luath. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomláin air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é go bhfuil, ó mhí na Samhna 2011 i leith, os cionn 300 seirbhíseach poiblí tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an chomhlacht oiliúna Gaelchultúr, a bhfuil conradh acu le Foras na Gaeilge cúrsaí oiliúna a sholáthar don tseirbhís phoiblí.

Tá an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 críochnaithe anois agus cuirfear na dréacht-Chinn den Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go luath. Ba iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal.

Fuarthas thart ar 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin a eagraíodh mar chuid den athbhreithniú. Tá sé i gceist na dréacht-Chinn den Bhille a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín mo Roinne i dteannta thorthaí an phróisis chomhairliúcháin, chomh luath agus atá cead an Rialtais faighte chuige sin.

Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht, beidh forálacha a bhaineann le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman san áireamh sna dréacht-Chinn den Bhille. Ba mhaith liom a threisiú anseo inniu nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifig sa Ghaeltacht. Tabharfar na mionsonraí maidir lena mbeidh i gceist leis an chónascadh nuair a fhoilseofar na dréacht-Chinn den Bhille.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá anois maidir le héilimh atá tagtha chun cinn chun cearta lucht labhartha na Gaeilge a láidriú ón uair a d’fhógair an t-iar-Choimisinéir Teanga go raibh sé chun éirí as. Go hachomair, áirítear sna héilimh sin nithe ar nós iad seo a leanas. An gá atá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách. An gá atá le daoine le Gaeilge líofa a fhostú chun freastal ar riachtanais teanga phobal na Gaeltachta ach go háirithe agus an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a ardú ó 6% go 30% don chéad deich mbliana eile. An gá atá le deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017. An gá atá le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar pháirtithe leasmhara i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. An gá go ndéanfaí aisghairm nó leasú ar Acht na Gaeltachta 2012. An gá go gcuirfí boird oideachais speisialta ar bun do cheantair Ghaeltachta. An gá go gcuirfí cúnamh speisialta ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite, le freastal go príomha ar cheantair Ghaeltachta. An gá go mbeadh deis ag an phobal ionadaithe a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá léargas tugtha agam anseo inniu ar an méid atá ar siúl cheana nó beartaithe maidir le roinnt de na héilimh sin. Is féidir liom a dhearbhú anseo fosta go bhfuil mé breá sásta na héilimh a bhreithniú agus tuilleadh plé a dhéanamh fúthu sa tréimhse atá amach romhainn. Mar chéad chéim sa phróiseas plé seo, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil coiste comhairleach á bhunú ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, ar a mbeidh ionadaíocht ag eagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an phríomhaidhm atá leis an choiste comhairleach eolas a roinnt agus a mhalartú maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 chun comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr a chothú idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an réimse oibre sin. Tá súil agam go gcuideoidh bunú an choiste seo go mór le haidhmeanna na straitéise a chur i gcrích ar bhonn comhpháirtíochta.

A Leas-Chathaoirligh, mar fhocal scoir ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as an deis a fháil léargas a thabhairt ar an méid atá ar siúl faoi láthair chun aidhmeanna na straitéíse 20 bliain don Ghaeilge a bhaint amach. Is gnéithe fíorthábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil mo chion féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú agus forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile mar a tugadh dúinne é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.