Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

4:05 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sa bhliain 1950, dhein m'athair mórstaidéar ar líon labhartha na Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht. Tá sé foilsithe sa leabhar Irish Dialects and Irish-Speaking Districts, atá ar fáil ón Institiúid Ard-Léinn. Ó bharr mo chloigeann, mheas sé go raibh 30,000 cainteoir laethúil Gaeilge fágtha sa Ghaeltacht ag an am sin. Tar éis an méid athrú atá tagtha sa saol ó shin i leith - mar shampla, imirce na 1950í agus forbairt na blianta atá imithe - ní dóigh liom go gcuireann sé droch-chuma ar pholasaithe an Stáit go bhfuil 24,000 cainteoir laethúil fágtha sa Ghaeltacht. Tá tuair dóchais ann. Tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla sa tír ar fad, agus sa Ghaeltacht, idir an dá daonáirimh dheiridh.

Faraor géar, níl figiúirí cruinn ann mórán roimhe sin, mar ní raibh an chomparáid cheart dhá dhéanamh. Tá dúshláin ann.

Ba smaoineamh simplí é an smaoineamh a bhí taobh thiar den straitéis. Bhí sé ag teacht leis an smaoineamh go raibh go leor lochtaí agus go leor buanna leis an straitéis a bhí againn go dtí seo. Bhí go leor rudaí maithe déanta le céad bliain anuas, ach nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, mura ndéanfaí rud éigin ag an am, bheadh an Ghaeilge mharbh i bhfad ó shin. Mar sin, d'éirigh réasúnta maith le polasaí an Stáit, tar éis chomh lochtach agus a bhí sé, ach an smaoineamh a bhí taobh thiar den straitéis ná go bhféadfaí i bhfad níos fearr a dhéanamh agus anailís a dhéanamh ar na háiteanna ina raibh na laincisí taobh istigh den chóras agus rud éigin a dhéanamh fúthu. Bhí muid ar fad aontaithe go raibh drochrudaí agus rudaí maithe déanta suas go dtí sin.

Tá an straitéis fíor-shoiléir faoi céard é an aidhm. Is é aidhm polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná húsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil. É sin déanta, is é an aidhm ná tagairt faoi leith a dhéanamh don Ghaeltacht. Deirtear go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leith don teanga sa Ghaeltacht, go háirithe i bhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht. Mar sin, tá aidhm na straitéise fíor-shoiléir agus tá sé ar an gcéad leathanach den straitéis céard atá i gceist a dhéanamh.

Tá casaoid déanta ag an Teachta Kyne go raibh muid géar ar an Aire Stáit inniu. Ar ndóigh, dá mba rud é go raibh muid istigh ag an gcoiste a dhéanann iniúchadh ar na cuntais phoiblí, bheadh iontas ar dhaoine agus muid ag caint faoi airgead. Agus dá mbeadh tuarascáil os ár gcomhair ag rá nach raibh aire cheart á thabhairt d'airgead an Stáit, go raibh sé á chur amú agus nach raibh polasaithe á chur i bhfeidhm leis an airgead, ní cheapfadh aon duine go brách na breithe go raibh sé aisteach go dtiocfaimis géar, líne ar líne, ag rá gur seo an rud a bhí ráite a bhí le déanamh agus gur seo an rud a atá déanta. Ach nuair a thagann sé chuig an Ghaeilge, nuair a chuireann muid chuige ar an meán proifisiúnta céanna, ag déanamh anailíse focal ar fhocal ar céard atá déanta agus céard nach bhfuil déanta, go tobann, ní ceart é sin a dhéanamh. Ní ceart don Oireachtas seo feidhmiú mar Oireachtas.

Dúirt an Teachta Kyne go raibh muid ag imirt cluichí polaitiúla. Tá mise ag iarraidh ar an Teachta Kyne é sin a tharraingt siar. Ó d'fhág mise an scoil, tá mo shaol caite go deonach, go proifisiúnta agus ar bhonn teaghlaigh leis an nGaeilge. Nuair a bhí mé ar an ollscoil, bhí mé ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge agus in iliomad eagraíochtaí eile. Nuair a d'fhág mé an ollscoil, chuaigh mé ag obair le Conradh na Gaeilge agus ansin le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ansin chuaigh mé siar go dtí an Ghaeltacht mar bhainisteoir ar chomharchumann. Ní as an nGaeltacht mé, ach thug mé faoi chónaí sa nGaeltacht. Tá mo chlann tógtha le Gaeilge agus tá mo gharchlann dhá thógáil le Gaeilge. Tá gach lá de mo shaol, príobháideach agus poiblí, caite agam leis an nGaeilge.

Is cás liom an Ghaeilge agus aon chasaoid atá agam nó aon cháineadh atá á dhéanamh agam ar pholasaí an Rialtais, tá sé á dhéanamh mar go gcreidim i mo chroí istigh go bhfuil faillí aisteach dhá dhéanamh go ciúin réidh maidir leis an straitéis. Táthar tar éis a dhul, gan a rá go hoscailte go bhfuil sé déanta, agus an straitéis a stróiceadh ó chéile. Cheana féin inniu, fuair muid amach go bhfuil an bun ailtireacht ar a raibh an straitéis bunaithe curtha ó mhaith ar fad ag an Rialtas seo, agus ba mhór ab fhiú go bhfuair muid é sin amach inniu.

Creidim go bhfuil sé de dhualgas orainn, mar Bhaill den Oireachtas, iniúchadh géar a dhéanamh ar gach rud atá an Rialtas ag déanamh. Sin an fáth go bhfuil an tOireachtas ann. Líne ar líne, caithfimid gach polasaí a sheiceáil in éadan na spriocanna atá leagtha amach acu féin. Má cheapann an tAire Stáit nach í seo an straitéis ar cheart a bheith ann, deireadh sé é sin, ach go dtí go n-athróidh an Rialtas an straitéis, seo í an straitéis agus tá dualgas ar an gcoiste seo obair an Rialtais a theist, bunaithe ar an straitéis seo.

Ní ghlacaim leis ó dhuine ar bith go bhfuil mé ag imirt polaitíochta anseo. Tá an iomarca de bhlianta de mo shaol caite agam ag obair ar son na cúise. Ag éirí as an gcruinniú seo, molaim don choiste seo leanúint leis an ngrinnstaidéar atá á dhéanamh againn líne ar líne agus tuarascáil a chur amach ag an deireadh ag taispeáint gach mír atá curtha i bhfeidhm agus gach mír nach bhfuil curtha i bhfeidhm agus na cúiseanna a tugadh dúinn nár cuireadh i bhfeidhm iad. Molaim don chéad lá eile, go ndíreoidh muid isteach ar chúrsaí oideachais agus go dtabharfar cuireadh don Aire Stáit, don Aire sinsearach Gaeltachta atá freagrach as an nGaeilge agus don Aire Oideachais agus Scileanna teacht os ár gcomhair.

Tá an chaibidil den straitéis atá i gceist againn, ach sula dtiocfaidh siad os ár gcomhair, is cóir go gcuirfear ar fáil an plean forfheidhme ón Roinn le gur féidir linn é a chur i gcomparáid leis an straitéis. Chomh maith le sin, is cóir go mbeidh os ár gcomhair le plé an tuarascáil a chuireadh ar fáil de dhul chun cinn i gcur i bhfeidhm na straitéise ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ná bíodh ach mír amháin ar an gclár an chéad lá eile - imscrúdú iomlán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Roinne Oideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.