Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 6 March 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit
3:55 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Is eagraíocht uile-oileáin é Foras na Gaeilge agus ní fheicim go bhfuil aon rud mícheart le sin. Bíonn comhoibriú ansin i gcónaí ach ní féidir liom a rá go ndéanfaidh muid seo ná rudaí go dtí go mbeidh siad pléite. Sin an t-aon rud gur féidir liom a rá. Is rud maith é sin agus tá an foras ag tabhairt tacaíochta dúinn leis an méid atá á dhéanamh anseo agus tuigeann muid an méid atá á dhéanamh acusan. Is deas an rud go bhfuil muid ábalta dul ar aghaidh le chéile. Tá an iomad deighilt sa tír agus is rud maith é go bhfuil muid le chéile ar seo.
No comments