Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

5:35 pm

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an t-Aire Stáit tar éis an cheist a fhreagairt trí uair anois. Tuigimid ar fad cad atá ráite aige. Mar sin, díreoimid isteach ar cheist eile. Más ceist mhór í ó thaobh an choiste de déanfaidh an coiste déileáil léi. Muna bhfuil an fhreagracht ag an Aire Stáit atá os ár gcomhair caithfimid glaoch ar Aire a bhfuil an fhreagracht aige nó aici, an Taoiseach san áireamh. Is é ról an choiste déileáil le pé rud a thagann chun tosaigh ag cruinnithe an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.