Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

5:25 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní ar an gcoiste seo ach ar an Oireachtas. Dá mba rud é go raibh córas bunaithe faoina bhéadh coiste de chuid an Oireachtais a dhéanfadh scrúdú ar na himscrúduithe agus ar thoradh na n-imscrúduithe seo agus, i gcás go raibh an coiste sásta go raibh an ceart ag an gCoimisinéir go raibh an dlí á shárú agus i gcás go gcuirfí ar aghaidh chuig an Rialtas é le freagairt, an féidir leis an Aire Stáit dearbhú go gcuirfí freagra ar ais ag an gcoiste a chruthú, i dtuairim an Rialtais, nach raibh an dlí á shárú nó sa gcás go raibh an dlí á shárú go gcuirfí an rud ina cheart?

Agus más rud é gurb é tuairim an Rialtais nach bhfuil an dlí á shárú agus nach bhfuil an Coimisinéir ceart, an bhfuil an t-Aire Stáit sásta geallúint a thabhairt go gcuirfear an míniú ar fáil ar cén fáth nach gcreideann an Rialtas go bhfuil an dlí á shárú agus an mbeidh deis ag an gcoiste é a phlé arís?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.