Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
5:25 pm
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein) | Oireachtas source
An fáth go bhfuil t-Aire Stáit os comhair an choiste inniu ná chun déileáil le tuairisc bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012, seachas a lán den stuif eile a bhí faoi cheist níos luaithe maidir le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus go leor eile.
An cheist atá á cur ná seo. I dtuairisc an Choimisinéara dúradh go raibh trí imscrúdú fós idir lámha ag deireadh na bliana. Táimid ag iarraidh a fháil amach an fiú duit, a Aire Stáit, a bheith os comhair an choiste seo in aon chor munar féidir leat a rá linn cad atá tar éis tarlú dos na himscrúduithe sin? Chuir an Coimisinéir seo faoi bhráid an choiste agus támid ag déanamh an obair ar chóir dúinn a dhéanamh, is é sin tú a ghlaoch os comhair an choiste chun freagra a thabhairt faoin tuairisc. Sin an príomh cheist a bhí ag an gCoimisinéir, nach raibh tú féin nó an Roinn tar éis obair de réir na bhfadhbanna a d'aithin seisean ins na 13 imscúduithe a dhein sé. Tá Teachtaí agus Seanadóir an choiste ag fiosrú cad atá déanta ó ardaíodh na ceisteanna seo leis na Ranna nó leis na hoifigí a bhain leo. Táimid ag plé tuairisc 2012, ní inniu nó inné a rinneadh na himscrúduithe seo agus tá na tuairiscí fúthu foilsithe le breis agus bliain i roinnt cásanna.
Táim tar éis teacht go dtí phríomh chúis na cruinnithe seo. Níl mé ag iarraidh deifir a chur ar éinne ach táimid anseo le beagnach dhá uair a chloig anois agus níor dhéileálamar leis seo go fóill. An féidir an freagra sin a thabhairt don choiste, a Aire Stáit? Cad atá tú féin nó an Roinn tar éis a dhéanamh?
No comments