Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
5:25 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tuigim é sin, ach sa gcás go bhfuil a gcuid feidhmeanna curtha i gcrích ag an gCoimisinéir agus go ndeir sé go bhfuil a chuid imscrúdaithe déanta aige, go bhfuil an dlí á shárú ach go bhfuil a chuidse dualgais comhlíonta agus gur faoin Rialtas atá sé anois feidhmiú le déanamh cinnte go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, céard atá an Rialtas ag déanamh le rudaí a chur i gceart, maidir le na 13 de imscrúdaithe a bhí sa tuarascáil i 2012 ina raibh sárú reachtaíochta? An bhfuil plé á dhéanamh leis an Taoiseach, leis an gcomhchoiste atá ag cur i bhfeidhm straitéis 20 bliain don Ghaeilge nó leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe? Cé atá ag ceartú an cháis nach bhfuiltear ag cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla?
No comments