Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
5:15 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Ar dtús, maidir leis an suirbhé atá ar siúl maidir leis an Ghaeilge sa státchóras, ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil seo ag tarlú mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013, chun cumas na Gaeilge sa státchóras a threisiú. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantar Gaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach don phróiseas earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Aithnítear le seo go bhfuil deacrachtaí againn, ach seo iarracht díriú isteach ar na deacrachtaí sin agus an rud a chur i gceart. Sin go díreach mar atá cúrsaí.
Maidir leis an tréimhse chomhairliúcháin maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na haighneachtaí a cuireadh isteach ón bphobal, foilseofar torthaí an phróisis chomhairliúcháin sin go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne nuair a bheidh cinn an Bhille glactha ag an Rialtas agus á bhfoilsiú chomh maith. Ní dhéanfar iad a cheilt mar atá ráite agus athráite go minic.
I dtaobh an tríú cheist, beidh mise, mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó cibé Aire Stáit a bheidh sa Roinn sin, ag plé i gcónaí leis na scéimeanna teanga faoin Acht. Beidh freagracht ag an Aire Howlin, nó an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, maidir leis an tuarascáil bhliantúil agus cuntais an Choimisinéara Teanga os comhair Thithe an Oireachtais faoi na leasuithe atá molta.
No comments