Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

4:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl gach rud foirfe nó mar ba mhaith linn é a bheith. Thug an Teachta sampla maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, nach bhfuil ach 1.5% de na hoifigigh ansin a bhfuil sé ar a gcumas a gcuid oibre agus a gcuid teagmhála leis an bpobal a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sin fíor. Níor tharla seo inniu nó inné, ach táimid ag iarraidh díriú isteach ar sin. Cé gur sin an córas a bhí i réim le 40 bliain, tá sé soiléir nár éirigh leis. Sin an fáth go bhfuil cinneadh déanta anois maidir leis an earcaíocht, go mbeidh sé mar aidhm ó seo amach go mbeidh céatadán de na poist curtha ar fáil do dhaoine le Gaeilge. Glacfaidh seo am fada, ach ar laghad is tosú é.

Freisin, tá scrúdú ar siúl i ngach Roinn maidir leis na háiteanna a bhfuil daoine le Gaeilge riachtanach le dul i dteagmháil leis an bpobal trí Ghaeilge. Tá go leor státseirbhísigh a bhfuil cumas Gaeilge acu, ach ní bhíonn siad ag plé leis an bpobal. B'fhéidir go bhféadfaí díriú isteach agus deis a thabhairt dóibh sin a bheith ag déileáil leis an bpobal. Sin an rud a chaithfidh muid a dhéanamh. Chomh maith le sin, tá oiliúint curtha ar fáil do státseirbhísigh ó chomhlacht an-éifeachtach, Gaelchultúr. Le cúpla bliain anuas, tá breis agus 300 duine tar éis freastal ar chúrsaí ansin. Bíonn tástáil orthu agus bíonn orthu caighdeán a bhaint amach.

Tá lán chead ag daoine a bheith amuigh ag máirseáil agus bhí siad amuigh an Satharn sin. Bhí daoine amuigh ag máirseáil roimh sin cheana ar son cearta na Gaeilge agus tá daoine ag máirseáil go fóill. Is dóigh go dtarlóidh sé san am atá le teacht chomh maith. An dearcadh atá agam ar sin ná gur rud maith é go bhfuil daoine atá ag éileamh na cearta a mheasann siad nach bhfuil acu i láthair na huaire. An rud a chaithfidh muidne a dhéanamh, mar Rialtas agus mar Roinn, ná gach iarracht a dhéanamh freagra agus aird a thabhairt ar na hiarratais atáthar á dhéanamh, chomh fada agus is féidir linn. Ni cóir dúinn neamhaird a dhéanamh de agus sin mar atá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.